Aithris 138
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 138mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(138) |
Ba cheart cur i bhfeidhm sásra den sórt sin a bheith ina choinníoll do dhlíthiúlacht birt a ceapadh chun go mbeadh éifeachtaí dlíthúla ag údarás maoirseachta sna cásanna sin ina bhfuil sé éigeantach an sásra a chur i bhfeidhm. I gcásanna eile atá ábhartha maidir le gníomhaíochtaí trasteorann, ba cheart an sásra maidir le comhar idir an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineanna a chur i bhfeidhm agus d'fhéadfaí cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil agus oibríochtaí comhpháirteacha a chur ar siúl idir na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar bhonn déthaobhach nó ar bhonn iltaobhach gan an sásra comhsheasmhachta a chur ag obair. |