Aithris 163
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 163mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(163) |
Ba cheart cosaint a dhéanamh ar an bhfaisnéis rúnda a bhailíonn an tAontas agus na húdaráis náisiúnta staidrimh chun staidreamh Eorpach oifigiúil agus staidreamh náisiúnta oifigiúil a tháirgeadh. Ba cheart staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh mar a leagtar amach in Airteagal 338(2) CFAE, agus ba cheart do staidreamh náisiúnta dlí Ballstáit a chomhlíonadh. Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), foráiltear do thuilleadh sonraíochtaí maidir le rúndacht staidrimh do staidreamh Eorpach. |