Aithris 72
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 72mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(72) |
Tá an próifíliú faoi réir rialacha an Rialacháin seo lena rialaítear an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta, amhail na forais dhlíthiúla le haghaidh próiseála nó prionsabail maidir le cosaint sonraí. Ba cheart an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí arna bhunú leis an Rialachán seo (“an Bord”) bheith in ann treoir a eisiúint sa chomhthéacs sin. |