Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil II Airteagal 7

Airteagal 7 · Coinníollacha maidir le toiliú

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Toiliú

Go hachomairAchoimre ó Eureka

I gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar thoiliú, ní mór don rialaitheoir a bheith in ann a thaispeáint gur thug an t-ábhar sonraí toiliú.

Más i ndearbhú i scríbhinn a bhaineann le hábhair eile freisin a iarrtar an toiliú, ní mór an iarraidh a bheith soiléir le dealú ó na hábhair eile, intuigthe, ar fáil go héasca agus i bhfriotal soiléir simplí.

Féadfaidh an t-ábhar sonraí an toiliú a tharraingt siar aon tráth, chomh héasca agus a tugadh é, gan difear don phróiseáil roimhe sin, agus ní mór é sin a chur in iúl dó nó di roimh ré.

Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil toiliú tugtha faoi shaoirse, cuirtear san áireamh go hiomlán, i measc nithe eile, an bhfuil comhlíonadh conartha, lena n-áirítear seirbhís a sholáthar, coinníollach ar thoiliú le próiseáil nach bhfuil riachtanach don chonradh sin.

Coinníollacha maidir le toiliú Coinníollacha maidir le toiliú, i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar thoiliú. Ní mór don rialaitheoir a bheith in ann a léiriú gur thug an t-ábhar sonraí toiliú. Má thugtar toiliú i ndearbhú i scríbhinn a bhaineann le nithe eile freisin, ní mór an iarraidh ar thoiliú a bheith so-idirdhealaithe go soiléir ó na nithe eile, i bhfoirm shothuigthe so-rochtana, i dteanga shoiléir shimplí. Féadfaidh an t-ábhar sonraí a thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith, agus ní mór é a bheith chomh héasca toiliú a tharraingt siar agus atá sé é a thabhairt; cuirtear an t-ábhar sonraí ar an eolas faoi sin sula dtugann sé nó sí toiliú; ní dhéanann an tarraingt siar difear do dhleathacht na próiseála roimhe. Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil toiliú tugtha faoi shaoirse, tugtar an aird is mó, i measc nithe eile, ar cé acu atá nó nach bhfuil comhlíonadh conartha, lena n-áirítear seirbhís a sholáthar, coinníollach ar thoiliú le próiseáil nach gá don chonradh sin. má: tá an phróiseáil bunaithe ar thoiliú ní mór don rialaitheoir a bheith in ann a léiriú gur thug an t-ábhar sonraí toiliú i ndearbhú i scríbhinn faoi nithe eile freisin: iarraidh so-idirdhealaithe go soiléir, sothuigthe, so-rochtana, i dteanga shoiléir shimplí tarraingt siar am ar bith, chomh héasca le tabhairt curtha ar an eolas roimh ré; próiseáil roimhe sin fós dleathach faoi shaoirse? an aird is mó: an bhfuil conradh coinníollach ar thoiliú nach gá dó?

An gníomh i bpictiúir

Téacs Airteagal 7leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 7

Coinníollacha maidir le toiliú

1.  
I gcás ina mbíonn an phróiseáil bunaithe ar thoiliú, beidh an rialaitheoir in ann a thaispeáint gur thug an t-ábhar sonraí toiliú go ndéanfaí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a phróiseáil.
2.  
Más i gcomhthéacs dearbhú i scríbhinn a bhaineann le hábhair eile freisin a thugann an t-ábhar sonraí toiliú, déanfar an iarraidh ar an toiliú a chur i láthair ar bhealach soiléir is féidir a dhealú ó na hábhair eile, i bhfoirm intuigthe a bhfuil rochtain shimplí uirthi, agus friotal soiléir simplí á úsáid. Aon chuid den dearbhú arb ionann í agus sárú ar an Rialachán seo agus dar thug an t-ábhar sonraí toiliú, ní bheidh sí ina cheangal.
3.  
Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí a thoiliú nó a toiliú a tharraingt siar aon am is mian leis nó léi. Má tharraingítear siar toiliú ní dhéanfar difear do dhlíthiúlacht na próiseála atá bunaithe ar an toiliú sin a tugadh sular tarraingíodh siar é. Sula ndéanfaidh an t-ábhar sonraí toiliú a thabhairt, cuirfear ar an eolas faoin méid sin é nó í. Beidh sé chomh héasca céanna toiliú a tharraingt siar agus a bheidh sé é a thabhairt.
4.  
Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil toiliú tugtha faoi shaoirse, cuirfear san áireamh go huile agus go hiomlán, inter alia, an é an ndéantar comhlíonadh conartha, lena n-áirítear seirbhís a sholáthar, coinníollach ar an toiliú le próiseáil sonraí pearsanta, ar próiseáil í nach bhfuil riachtanach chun an conradh sin a chomhlíonadh.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 32 Ba cheart toiliú a thabhairt trí ghníomh soiléir dearfach lena mbunaítear cur in iúl a thugann a t-ábhar…
  • Aithris 42 I gcás ina bhfuil próiseáil bunaithe ar thoiliú an ábhair onraí, ba cheart don rialaitheoir a bheith in ann a…
  • Aithris 43 Chun a áirithiú go dtugtar an toiliú sin faoi shaoirse, níor cheart toiliú a bheith ina fhoras bailí…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • sonraí pearsanta

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • ábhar sonraí

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • próiseáil

    ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

    Article 4, point (2)

  • rialaitheoir

    ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

    Article 4, point (7)

  • toiliú

    ciallaíonn “toiliú” an ábhair sonraí aon léiriú sonrach, feasach agus gan athbhrí a thugtar faoi shaoirse ar mhianta an ábhair sonraí trína gcuireann sé nó sí in iúl, trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, go n-aontaíonn sé nó sí le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi;

    Article 4, point (11)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…