Caibidil II Airteagal 8
Airteagal 8 · Na coinníollacha is infheidhme maidir le toiliú linbh i dtaca le seirbhísí na sochaí faisnéise
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Cuid de: Leanaí
Go hachomairAchoimre ó Eureka
I gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar thoiliú faoi Airteagal 6(1)(a) agus go dtairgtear seirbhísí na sochaí faisnéise go díreach do leanbh, tá próiseáil sonraí pearsanta an linbh dleathach má tá an leanbh 16 bliana d'aois ar a laghad.
Faoi bhun 16 bliana d'aois, níl sí dleathach ach amháin má thugann nó má údaraíonn sealbhóir na freagrachta tuismitheoireachta as an leanbh toiliú, agus a mhéid a dhéantar amhlaidh; féadfaidh na Ballstáit aois níos ísle a fhoráil le dlí, ach ní faoi bhun 13 bliana d'aois.
Ní mór don rialaitheoir iarrachtaí réasúnta a dhéanamh, agus an teicneolaíocht atá ar fáil á cur san áireamh, a fhíorú gur tugadh nó gur údaraíodh an toiliú sin, agus ní dhéantar difear do dhlí ginearálta na gconarthaí sna Ballstáit.
Téacs Airteagal 8leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 8
Na coinníollacha is infheidhme maidir le toiliú linbh i dtaca le seirbhísí na sochaí faisnéise
Féadfaidh Ballstáit a fhoráil le dlí d'aois is lú ná sin chun na gcríoch sin, ar choinníoll nach bhfuil an aois is lú sin faoi bhun 13 bliana d'aois.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 38 Tá cosaint ar leith dlite do leanaí i dtaca lena sonraí pearsanta toisc go bhféadfar nach bhfuil siad chomh…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
sonraí pearsanta
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
próiseáil
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
Article 4, point (2)
rialaitheoir
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;
Article 4, point (7)
toiliú
ciallaíonn “toiliú” an ábhair sonraí aon léiriú sonrach, feasach agus gan athbhrí a thugtar faoi shaoirse ar mhianta an ábhair sonraí trína gcuireann sé nó sí in iúl, trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, go n-aontaíonn sé nó sí le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi;
Article 4, point (11)