Caibidil II Airteagal 9
Airteagal 9 · Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Cuid de: Toiliú, Catagóirí speisialta sonraí pearsanta
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Toirmisctear próiseáil sonraí pearsanta lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach nó ballraíocht i gceardchumann, agus próiseáil sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, sonraí a bhaineann leis an tsláinte agus sonraí a bhaineann le saol gnéis nó le claonadh gnéasach.
Ardaítear an toirmeasc sin le mír 2 i ndeich gcás:
- (a) toiliú sainráite, mura n-eisiatar é le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;
- (b) dlí na fostaíochta, na slándála sóisialta agus na cosanta sóisialta, a mhéid atá sé údaraithe le dlí nó le comhaontú comhchoiteann le coimircí;
- (c) leasanna ríthábhachtacha i gcás nach féidir leis an ábhar sonraí toiliú a thabhairt go fisiciúil nó go dlíthiúil;
- (d) comhlachtaí seachbhrabúsacha áirithe, i ndáil lena gcomhaltaí agus le daoine a mbíonn teagmháil rialta acu leo;
- (e) sonraí is follas gur chuir an t-ábhar sonraí ar fáil go poiblí iad;
- (f) éilimh dhlíthiúla agus cúirteanna ag gníomhú faoina gcumas breithiúnach;
- (g) mórchúiseanna leasa an phobail;
- (h) leigheas agus cúram sláinte nó sóisialta;
- (i) sláinte phoiblí; agus
- (j) cartlannú, taighde nó staidreamh.
Tá cásanna (g) go (j) bunaithe ar dhlí an Aontais nó ar dhlí Ballstáit le coimircí (i gcás leighis agus cúraim, nó ar chonradh le gairmí sláinte freisin).
Féadfaidh na Ballstáit tuilleadh coinníollacha, lena n-áirítear teorainneacha, a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach i ndáil le sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha nó sonraí a bhaineann leis an tsláinte.
Téacs Airteagal 9leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 9
Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil
Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás go mbeidh feidhm ag ceann amháin díobh seo leanas:
thug an t-ábhar sonraí toiliú sainráite go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a phróiseáil ar mhaithe le críoch sonraithe amháin nó níos mó, seachas i gcás ina bhfuil foráil déanta i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit nach bhféadfaidh an t-ábhar sonraí an toirmeasc dá dtagraítear i mír 1 a chur i leataobh;
is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáidí an rialaitheora nó an ábhair sonraí a chomhlíonadh agus chun cearta sonracha an rialaitheora nó an ábhair sonraí a fheidhmiú i réimse dhlí na fostaíochta agus na slándála sóisialta agus cosanta sóisialta a mhéid atá údaraithe le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó le comhaontú comhchoiteann de bhun dlí Ballstáit lena bhforáiltear do choimircí iomchuí do chearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí;
is gá an phróiseáil a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint, i gcás nach féidir leis an t-ábhar sonraí toiliú a thabhairt go fisiciúil nó go dlíthiúil;
déanann fondúireacht, comhlachas nó aon chomhlacht seachbhrabúsach eile an phróiseáil agus é nó í i mbun gníomhaíochtaí dlisteanacha le coimircí iomchuí, ar fondúireacht, comhlachas nó comhlacht é nó í lena mbaineann aidhm pholaitiúil, fhealsúnach, reiligiúnach nó ceardchumannachais, agus ar choinníoll nach mbaineann an phróiseáil ach le comhaltaí nó le hiar-chomhaltaí an chomhlachta nó le daoine a mbíonn teagmháil rialta acu leis an gcomhlacht maidir lena chuspóirí agus ar choinníoll nach nochtar na sonraí pearsanta lasmuigh den chomhlacht sin gan toiliú ó na hábhair sonraí;
baineann an phróiseáil le sonraí pearsanta is follas gur chuir an duine is ábhar dóibh ar fáil go poiblí;
is gá an phróiseáil a dhéanamh le héilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint nó tráth ar bith a mbíonn na cúirteanna ag gníomhú faoina gcumas breithiúnach;
is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna leasa an phobail, ar bhonn dhlí an Aontais nó dlí Ballstáit a bheidh ar comhréir leis an aidhm atá á saothrú, a urramóidh éirim an chirt maidir le cosaint sonraí agus a fhorálfaidh do bhearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí a choimirciú;
is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha leighis choiscthigh nó ceirde, chun measúnú a dhéanamh ar chumas oibre an fhostaí, diagnóis leighis, cúram sláinte nó cóireáil shóisialta a sholáthar nó bainistiú córas nó seirbhísí cúram sláinte nó sóisialta ar bhonn dhlí an Aontais nó ar bhonn dlí Ballstáit nó de bhun conartha ar shínigh ábhar na sonraí le gairmí sláinte é agus faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá dtagraítear i mír 3;
is gá an phróiseáil a dhéanamh ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí, amhail cosaint i gcoinne bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte nó chun ardchaighdeáin cáilíochta agus slándála a áirithiú do chúram sláinte agus do tháirgí íocshláinte nó d'fheistí leighis, ar bhonn dhlí an Aontais nó ar bhonn dhlí Ballstáit lena ndéantar foráil do bhearta oiriúnacha agus sonracha chun go ndéanfar cearta agus saoirsí an ábhair sonraí, go háirithe an rúndacht ghairmiúil, a choimirciú;
is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 89(1) bunaithe ar dhlí an Aontais nó ar dhlí Ballstáit a bheidh ar comhréir leis an aidhm atá á saothrú, a urramóidh éirim an chirt maidir le cosaint sonraí agus a fhorálfaidh do bhearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna an duine is ábhar don na sonraí a choimirciú.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 51 Tá cosaint ar leith dlite do shonraí pearsanta ar de chineál fíor-íogair iad maidir le cearta bunúsacha agus…
- Aithris 52 Ba cheart maolú a cheadú ón toirmeasc ar phróiseáil a dhéanamh ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta…
- Aithris 53 Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a bhfuil cosaint níos airde dlite dóibh, ní fhéadfar iad a phróiseáil…
- Aithris 54 D'fhéadfadh sé gur gá catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil ar mhaithe le leas an phobail i…
- Aithris 55 Ina theannta sin, is ar mhaithe le leas an phobail a dhéanann údaráis oifigiúla sonraí pearsanta a phróiseáil…
- Aithris 56 I gcás ina gcuireann feidhmiú an chórais dhaonlathaigh i mBallstát, agus é i mbun gníomhaíochtaí toghcháin…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
sonraí pearsanta
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
ábhar sonraí
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
próiseáil
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
Article 4, point (2)
rialaitheoir
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;
Article 4, point (7)
toiliú
ciallaíonn “toiliú” an ábhair sonraí aon léiriú sonrach, feasach agus gan athbhrí a thugtar faoi shaoirse ar mhianta an ábhair sonraí trína gcuireann sé nó sí in iúl, trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, go n-aontaíonn sé nó sí le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi;
Article 4, point (11)
sonraí géiniteacha
ciallaíonn “sonraí géiniteacha” sonraí pearsanta a bhaineann le tréithe géiniteacha duine nádúrtha a fuarthas le hoidhreacht nó a fuarthas, a thugann faisnéis uathúil faoi fhiseolaíocht nó sláinte an duine nádúrtha sin agus arb é atá iontu an toradh, go háirithe, ar anailís arna déanamh ar shampla bitheolaíoch ón duine nádúrtha atá i gceist;
Article 4, point (13)
sonraí bithmhéadracha
ciallaíonn “sonraí bithmhéadracha” sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, ar sonraí iad lena gceadaítear nó lena ndeimhnítear sainaithint uathúil an duine nádúrtha sin, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha;
Article 4, point (14)
sonraí a bhaineann leis an tsláinte
ciallaíonn “sonraí a bhaineann leis an tsláinte” sonraí pearsanta a bhaineann le sláinte fhisiciúil nó mheabhrach duine nádúrtha, lena n-áirítear soláthar seirbhísí cúraim sláinte, lena nochtar faisnéis faoina stádas sláinte;
Article 4, point (15)