Aithris 100
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 100mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(100) |
Chun trédhearcacht agus comhlíonadh an Rialacháin seo a fheabhsú, ba cheart spreagadh a thabhairt chun sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí a bhunú, a fhágann go bhféadfadh ábhair sonraí measúnú a dhéanamh go gasta ar an leibhéal cosanta sonraí a bhaineann le táirgí agus seirbhísí ábhartha. |