Aithris 99
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 99mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(99) |
Agus cód iompair á tharraingt suas, nó nuair a bheadh cód den sórt sin á leasú nó á leathnú, ba cheart do chomhlachais agus do chomhlachtaí eile a dhéanann ionadaíocht thar ceann catagóirí rialaitheoirí nó próiseálaithe dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear ábhair sonraí nuair is féidir, agus ba cheart dóibh aird a thabhairt ar aighneachtaí a gheofar agus tuairimí a léireofar mar fhreagra ar na comhairliúcháin sin. |