Aithris 103
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 103mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(103) |
Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, agus bheadh feidhm ag an gcinneadh sin ar fud an Aontais, go gcuireann tríú tír, críoch nó earnáil shonraithe i dtríú tír, nó eagraíocht idirnáisiúnta, leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil, rud a sholáthraíonn deimhneacht dhlíthiúil agus aonfhoirmeacht dhlíthiúil ar fud an Aontais maidir leis an tríú tír nó leis an eagraíochtaí idirnáisiúnta a mheastar go gcuireann siad leibhéal cosanta den sórt sin ar fáil. I gcásanna den sórt sin, féadfar sonraí pearsanta a aistriú chuig an tír sin nó chuig an eagraíocht idirnáisiúnta sin gan an gá aon údarú breise a fháil. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh freisin, tar éis dó fógra in leith agus ráiteas iomlán lena leagtar amach na cúiseanna a thabhairt don tríú tír nó don eagraíocht idirnáisiúnta, cinneadh den sórt sin a chúlghairm. |