Caibidil V Airteagal 45
Airteagal 45 · Aistrithe ar bhonn cinneadh leordhóthanachta
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Cuid de: Aistrithe chuig tríú tíortha
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí ghníomh cur chun feidhme, go n-áirithíonn tríú tír, críoch nó earnáil shonraithe amháin nó níos mó laistigh di, nó eagraíocht idirnáisiúnta, leibhéal leordhóthanach cosanta, agus na gnéithe i mír 2 á gcur san áireamh go háirithe. Ní theastaíonn aon údarú sonrach ansin le haghaidh aistriú den sórt sin.
Ní mór foráil a dhéanamh i ngach cinneadh d'athbhreithniú tréimhsiúil uair sna ceithre bliana ar a laghad.
I gcás nach bhfuil an chosaint leordhóthanach a thuilleadh, ní mór don Choimisiún an cinneadh a aisghairm, a leasú nó a chur ar fionraí, a mhéid is gá agus gan éifeacht aisghníomhach. Is féidir aistrithe faoi Airteagail 46 go 49 a dhéanamh i gcónaí.
Téacs Airteagal 45leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 45
Aistrithe ar bhonn cinneadh leordhóthanachta
Agus a leordhóthanaí atá an leibhéal cosanta á mheas ag an gCoimisiún cuirfidh sé na nithe seo a leanas, go háirithe, san áireamh:
an smacht reachta, an urraim do chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, reachtaíocht ábhartha, idir ghinearálta agus earnálach, lena n-áirítear i ndáil leis an tslándáil phoiblí, cosaint, an tslándáil náisiúnta agus an dlí coiriúil agus rochtain na n-údarás poiblí ar shonraí pearsanta, maille le cur chun feidhme na reachtaíochta seo, rialacha um chosaint sonraí, rialacha gairmiúla agus bearta slándála, lena n-áirítear rialacha maidir le sonraí pearsanta a aistriú ar aghaidh go tríú tír eile nó go heagraíocht idirnáisiúnta eile, ar rialacha iad atá á gcomhlíonadh sa tír sin nó san eagraíocht idirnáisiúnta sin, an cásdlí, chomh maith le cearta éifeachtacha in-fhorfheidhmithe a bheith ar fáil d'ábhair sonraí agus sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach do na hábhair sonraí agus a bhfuil a sonraí pearsanta á n-aistriú;
ceann amháin nó níos mó d'údaráis neamhspleácha mhaoirseachta a bheith sa tríú tír agus é/iad ag feidhmiú go maith nó a mbeidh eagraíocht idirnáisiúnta faoina réir agus é mar fhreagracht orthu a áirithiú go bhfuil na rialacha maidir le cosaint sonraí á gcomhlíonadh agus á bhforfheidhmiú, lena n-áirítear cumhachtaí iomchuí forfheidhmithe chun comhairle a chur ar na hábhair sonraí agus cúnamh a thabhairt dóibh chuige sin, agus chun comhar a áirithiú le húdaráis mhaoirseachta an Aontais agus na mBallstát;
na tiomantais idirnáisiúnta atá glactha ag an tríú tír nó ag an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann, nó oibleagáidí eile a eascraíonn as coinbhinsiúin nó ionstraimí atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus óna rannpháirtíocht i gcórais réigiúnacha nó i gcórais iltaobhacha, go háirithe a bhaineann le sonraí pearsanta a chosaint.
Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí leo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 93(3).
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 103 Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, agus bheadh feidhm ag an gcinneadh sin ar fud an Aontais, go gcuireann…
- Aithris 104 I gcomhréir leis na bunluachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, go háirithe cosaint chearta an duine, ba…
- Aithris 105 Seachas na gealltanais idirnáisiúnta a rinne an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta, ba cheart don…
- Aithris 106 Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú na gcinntí ar leibhéal na cosanta i dtríú tír,,i…
- Aithris 107 Féadfaidh an Coimisiún a aithint nach bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta ar shonraí á áirithiú a…
- Aithris 169 Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é go…
- Aithris 171 Ba cheart Treoir 95/46/CE a aisghairm leis an Rialachán seo. Ba cheart aon phróiseáil atá á déanamh cheana…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
sonraí pearsanta
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
ábhar sonraí
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
údarás maoirseachta
ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;
Article 4, point (21)
eagraíocht idirnáisiúnta
ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” eagraíocht agus a gcuid fochomhlachtaí a rialaítear leis an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn chomhaontaithe idir dhá thír nó níos mó.
Article 4, point (26)