Aithris 33
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 33mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(33) |
Is minic nach féidir críoch próiseála sonraí pearsanta chun críocha an taighde eolaíoch a shainaithint go hiomlán tráth bhailiú na sonraí. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú do na hábhair sonraí a dtoiliú a thabhairt maidir le réimsí áirithe den taighde eolaíoch i gcomhréir le caighdeáin eiticiúla aitheanta i ndáil leis an taighde eolaíoch. Ba cheart an deis a bheith ag na hábhair sonraí gan a dtoiliú a thabhairt ach do réimsí áirithe taighde nó do chodanna de thionscadail taighde, a mhéid a cheadaítear sin leis an gcríoch a beartaíodh. |