Aithris 34
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 34mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(34) |
Ba cheart sonraí géiniteacha a shainmhíniú mar shonraí pearsanta a bhaineann le tréithe géiniteacha duine nádúrtha a fuarthas le hoidhreacht nó a fuarthas mar thoradh ar anailís a rinneadh ar shampla bitheolaíoch a tógadh ón duine nádúrtha atá i gceist, go háirithe anailís chrómasómach, anailís ar aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN) nó anailís ar aigéad ribeanúicléasach (RNA), nó mar thoradh ar an anailís ar aon ghné eile lena bhféadfar faisnéis choibhéiseach a fháil. |