Aithris 5
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 5mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(5) |
Méadaíodh na sreabha trasteorann sonraí pearsanta go mór mar gheall ar an gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a tharla mar thoradh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Tá méadú tagtha ar an méid sonraí pearsanta a mhalartaítear idir gníomhaithe poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear daoine nádúrtha, comhlachais agus gnóthais ar fud an Aontais. Le dlí an Aontais iarrtar ar údaráis náisiúnta sna Ballstáit dul i gcomhar lena chéile agus sonraí pearsanta a mhalartú le go bhféadfaidh siad a ndualgais a chomhlíonadh nó cúraimí a dhéanamh thar ceann údarás i mBallstát eile. |