Aithris 6
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 6mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(6) |
Tá forbairtí meara teicneolaíocha agus an domhandú tar éis dúshláin nua a chruthú do chosaint sonraí pearsanta. Tá méadú suntasach tagtha ar bhailiú agus ar chomhroinnt sonraí pearsanta. A bhuí leis an teicneolaíocht, is féidir le cuideachtaí príobháideacha agus le húdaráis phoiblí araon sonraí pearsanta a úsáid ar scála níos mó ná riamh roimhe chun a gcuid gníomhaíochtaí a shaothrú. Tá méadú ag teacht i gcónaí ar an méid faisnéise pearsanta a chuireann daoine nádúrtha ar fáil go poiblí agus ar fud an domhain. Tá an geilleagar agus ár saol sóisialta araon athraithe ó bhonn ag an teicneolaíocht agus ba cheart, leis an teicneolaíocht, an saorshreabhadh sonraí laistigh den Aontas agus aistriú sonraí pearsanta go tríú tíortha agus go heagraíochtaí idirnáisiúnta a éascú tuilleadh freisin, agus ardleibhéal cosanta maidir le sonraí pearsanta á áirithiú ag an am céanna. |