Aithris 7
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 7mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(7) |
Leis na forbairtí sin, teastaíonn creat láidir agus níos comhtháite le haghaidh cosaint sonraí san Aontas, a mbeidh forfheidhmiú láidir mar bhunús leis, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé an mhuinín a chothú a chuirfidh ar chumas an gheilleagair dhigitigh forbairt ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart rialú a bheith ag daoine nádúrtha ar a gcuid sonraí pearsanta féin. Ba cheart deimhneacht dhlíthiúil agus deimhneacht phraiticiúil a fheabhsú do dhaoine nádúrtha, d'oibreoirí eacnamaíocha agus d'údaráis phoiblí. |