Aithris 70
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 70mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(70) |
I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun margaíocht dhíreach a dhéanamh, ba cheart an ceart a bheith ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil den sórt sin, lena n-áirítear próifíliú a mhéid a bhaineann sé le margaíocht dhíreach den sórt sin, cé acu i dtaobh próiseáil thosaigh nó tuilleadh próiseála, tráth ar bith agus saor in aisce. Ba cheart an ceart sin a thabhairt go sainráite d'aire an ábhair sonraí agus a chur faoina bhráid nó faoina bráid go soiléir agus é scartha amach ó aon fhaisnéis eile. |