Aithris 76
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 76mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(76) |
Dóchúlacht agus déine an riosca sin maidir le cearta agus saoirsí an ábhair sonraí, ba cheart an dóchúlacht agus an déine sin a chinneadh faoi threoir chineál, raon feidhme, chomhthéacs agus chríocha na próiseála sonraí. Ba cheart an riosca a mheas ar bhonn measúnú oibiachtúil, lena suitear an mbaineann riosca nó ardriosca le hoibríochtaí próiseála sonraí. |