Aithris 77
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 77mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(77) |
Treoir maidir le bearta iomchuí a chur chun feidhme agus maidir lena thaispeáint go bhfuil siad á gcomhlíonadh ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí, go háirithe i ndáil leis na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil a shainaithint, measúnú a dhéanamh orthu i dtéarmaí tionscnaimh, cineáil, dóchúlachta agus déine, agus na cleachtais is fearr a shainaithint leis an riosca a mhaolú, d'fhéadfaí an treoir sin a chur ar fáil go háirithe trí bhíthin cóid fhormheasta iompair, deimhniúcháin fhormheasta, treoirlínte a chuireann an Bord ar fáil nó trí bhíthin léirithe a chuireann an t-oifigeach cosanta sonraí ar fáil. Féadfaidh an Bord treoirlínte a eisiúint freisin maidir le hoibríochtaí próiseála a meastar nach mbeadh ardriosca ag gabháil leo i ndáil le cearta agus saoirsí daoine nádúrtha agus féadfaidh siad freisin na bearta a léiriú a d'fhéadfadh a bheith leordhóthanach i gcásanna den sórt sin chun aghaidh a thabhairt ar riosca den sórt sin. |