Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil XI Airteagal 94

Airteagal 94 · Treoir 95/46/CE a aisghairm

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Aisghairtear Treoir 95/46/CE le héifeacht ón 25 Bealtaine 2018. Forléireofar tagairtí don Treoir aisghairthe mar thagairtí don Rialachán. Forléireofar tagairtí don Mheitheal um Chosaint Daoine Aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil a bunaíodh le hAirteagal 29 de Threoir 95/46/CE mar thagairtí don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí a bhunaítear leis an Rialachán.

Téacs Airteagal 94leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 94

Treoir 95/46/CE a aisghairm

1.  
Déantar Treoir 95/46/CE a aisghairm an 25 Bealtaine 2018.
2.  
Déanfar aon tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. Déanfar aon tagairtí don Mheitheal um Chosaint Daoine Aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil a bunaíodh le hAirteagal 29 de Threoir 95/46/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí a bhunaítear leis an Rialachán seo.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 139 D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a chur chun cinn, ba cheart an Bord a chur ar bun mar…
  • Aithris 171 Ba cheart Treoir 95/46/CE a aisghairm leis an Rialachán seo. Ba cheart aon phróiseáil atá á déanamh cheana…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • sonraí pearsanta

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • próiseáil

    ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

    Article 4, point (2)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…