Caibidil X Airteagal 93
Airteagal 93 · An nós imeachta coiste
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Tugann coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 cúnamh don Choimisiún.
I gcás ina dtagraíonn airteagal d'Airteagal 93(2), tá feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011; tugann airteagail eile an nós imeachta scrúdúcháin air sin (mar shampla Airteagal 46(2)(c)).
I gcás ina dtagraíonn sé d'Airteagal 93(3), tá feidhm ag Airteagal 8 den Rialachán sin i gcomhar le hAirteagal 5; úsáideann Airteagal 45(5) é le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí leo.
Téacs Airteagal 93leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 93
An nós imeachta coiste
1.
Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh.182/2011 a bheidh sa choiste sin.
2.
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3.
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 167 Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart…
- Aithris 168 Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le clásail…
- Aithris 169 Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é go…