Aithris 167
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 167mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(167) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún nuair a fhoráiltear dóibh sin sa Rialachán seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar bhearta sonracha do mhicrifhiontair, d'fhiontair bheaga agus d'fhiontair mheánmhéide. |