Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil X Airteagal 92

Airteagal 92 · An tarmligean a fheidhmiú

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Tugtar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi Airteagal 12(8) (deilbhíní caighdeánaithe) agus faoi Airteagal 43(8) (ceanglais do shásraí deimhniúcháin) don Choimisiún ar feadh tréimhse éiginnte ama ón 24 Bealtaine 2016.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle í a chúlghairm aon tráth, gan difear do ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar faoi na hairteagail sin i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid laistigh de thrí mhí ón bhfógra, tréimhse a shíntear trí mhí ar thionscnamh cheachtar acu, nó má chuir an bheirt acu in iúl don Choimisiún roimhe sin nach ndéanfaidh siad agóid.

Téacs Airteagal 92leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 92

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.
2.  
Tabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(8) agus in Airteagal 43(8) don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ón 24 Bealtaine 2016.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(8) agus in Airteagal 43(8) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an gcinneadh an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
5.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 12(8), agus Airteagal 43(8) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí ó tugadh fógra i dtaobh an ghnímh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid ina choinne. Cuirfear trí mhí bhreise leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 166 Chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh, eadhon cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine…

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…