Caibidil XI Airteagal 95
Airteagal 95 · An gaol le Treoir 2002/58/CE
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Ní fhorchuireann an Rialachán oibleagáidí breise ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha i ndáil le próiseáil i dtaobh seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chuirtear ar fáil go poiblí a sholáthar i líonraí cumarsáide poiblí san Aontas, maidir le hábhair a bhfuil siad faoi réir oibleagáidí sonracha ina dtaobh a bhfuil an cuspóir céanna leo atá leagtha amach i dTreoir 2002/58/CE.
Cuirtear leis in aithris 173 go bhfuil feidhm ag an Rialachán maidir le gach ábhar nach bhfuil faoi réir oibleagáidí sonracha den sórt sin.
Téacs Airteagal 95leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 95
An gaol le Treoir 2002/58/CE
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo oibleagáidí breise a fhorchur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha i ndáil le próiseáil i dtaobh soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chuirtear ar fáil go poiblí i líonraí cumarsáide poiblí san Aontas, maidir le hábhair a bhfuil siad faoi réir oibleagáidí sonracha ina dtaobh a bhfuil an chríoch chéanna leo is atá leagtha amach i dTreoir 2002/58/CE.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 173 Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na hábhair uile a bhaineann le cearta bunúsacha…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
próiseáil
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
Article 4, point (2)