Caibidil XI Airteagal 96
Airteagal 96 · An gaol le Comhaontuithe a tugadh i gcrích roimhe seo
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Comhaontuithe idirnáisiúnta lena mbaineann aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a thug na Ballstáit i gcrích roimh an 24 Bealtaine 2016, agus a chomhlíonann dlí an Aontais mar a bhí sé infheidhme roimh an dáta sin, fanann siad i bhfeidhm go dtí go ndéantar iad a leasú, a athsholáthar nó a chúlghairm.
Téacs Airteagal 96leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 96
An gaol le Comhaontuithe a tugadh i gcrích roimhe seo
Na comhaontuithe idirnáisiúnta faoinar aistríodh sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a thug na Ballstáit i gcrích roimh an 24 Bealtaine 2016 agus a chomhlíonann dlí an Aontais mar is infheidhme roimh an dáta sin, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm go dtí go leasófar iad, go gcuirfear comhaontuithe eile ina n-ionad nó go gcúlghairfear iad.
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
sonraí pearsanta
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
eagraíocht idirnáisiúnta
ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” eagraíocht agus a gcuid fochomhlachtaí a rialaítear leis an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn chomhaontaithe idir dhá thír nó níos mó.
Article 4, point (26)