Caibidil XI Airteagal 97
Airteagal 97 · Tuarascálacha ón gCoimisiún
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Faoin 25 Bealtaine 2020 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, ní mór don Choimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle; cuirtear na tuarascálacha ar fáil go poiblí.
Ní mór dó scrúdú a dhéanamh go háirithe ar chur i bhfeidhm agus ar fheidhmiú Chaibidil V, ag féachaint go háirithe do chinntí a glacadh faoi Airteagal 45(3) agus faoi Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE, agus ar Chaibidil VII maidir le comhar agus comhsheasmhacht.
Féadfaidh sé faisnéis a iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis mhaoirseachta agus ní mór dó, más gá, tograí iomchuí a thíolacadh chun an Rialachán a leasú.
Téacs Airteagal 97leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 97
Tuarascálacha ón gCoimisiún
I gcomhthéacs na meastóireachtaí agus na n-athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an Coimisiún, go háirithe, cur i bhfeidhm agus feidhmiú na nithe seo a leanas:
Caibidil V maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe ó thaobh cinntí a ghlactar de bhun Airteagal 45(3) den Rialachán seo agus cinntí a ghlactar ar bhonn Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE;
Caibidil VII maidir le comhar agus comhsheasmhacht.
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
sonraí pearsanta
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
údarás maoirseachta
ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;
Article 4, point (21)
eagraíocht idirnáisiúnta
ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” eagraíocht agus a gcuid fochomhlachtaí a rialaítear leis an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn chomhaontaithe idir dhá thír nó níos mó.
Article 4, point (26)