Caibidil XI Airteagal 98
Airteagal 98 · Athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Ní mór don Choimisiún, más iomchuí, tograí reachtacha a thíolacadh chun gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta a leasú, chun cosaint aonfhoirmeach chomhsheasmhach a áirithiú do dhaoine nádúrtha i ndáil le próiseáil. Baineann sé sin go háirithe leis na rialacha maidir le próiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.
Téacs Airteagal 98leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 98
Athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí
Déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, tograí reachtacha a thíolacadh d'fhonn leasú a dhéanamh ar ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, d'fhonn cosaint aonfhoirmeach agus comhsheasmhach a áirithiú do dhaoine nádúrtha maidir le próiseáil. Bainfidh an méid sin go háirithe leis na rialacha a bhaineann le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil arna dhéanamh ag institiúidí, ag comhlachtaí agus ag gníomhaireachtaí an Aontais agus le rialacha maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 17 Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le sonraí…
- Aithris 173 Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na hábhair uile a bhaineann le cearta bunúsacha…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
sonraí pearsanta
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
próiseáil
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
Article 4, point (2)