Aithris 17
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 17mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(17) |
Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus na gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis an bpróiseáil sin ar shonraí pearsanta a chur in oiriúint do na prionsabail agus do na rialacha a bhunaítear sa Rialachán seo agus a chur i bhfeidhm i bhfianaise an Rialacháin seo. D'fhonn creat láidir, comhtháite cosanta sonraí a chur ar fáil san Aontas, ba cheart na hoiriúnuithe riachtanacha ar Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a dhéanamh tar éis an Rialachán seo a ghlacadh, d'fhonn go bhféadfar iad a chur i bhfeidhm i gcomhthráth leis an Rialachán seo. |