Aithris 16
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 16mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(16) |
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le saincheisteanna i ndáil le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha a chosaint ná ar shaorshreabhadh sonraí pearsanta a bhaineann le gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, amhail gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an bpróiseáil a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta agus iad i mbun gníomhaíochtaí a bhaineann le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais. |