Ní mór sonraí pearsanta míchruinne a cheartú agus sonraí neamhiomlána a chomhlánú, agus ní mór don rialaitheoir aon cheartú, léirscriosadh nó srianadh a chur in iúl do gach faighteoir mura bhfuil sé sin dodhéanta nó mura mbaineann iarracht dhíréireach leis.
Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go gceartóidh an rialaitheoir sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis nó léi gan aon mhoill mhíchuí.
Agus na críocha dá ndearnadh an phróiseáil á gcur san áireamh, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go ndéanfar sonraí pearsanta neamhiomlána a chomhlánú, lena n-áirítear de bhíthin ráiteas forlíontach a sholáthar.
Tabharfaidh an rialaitheoir fógra do gach faighteoir ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh má ceartaíodh nó má léirscriosadh nó má srianadh próiseáil a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 16, Airteagal 17(1) agus Airteagal 18, ach amháin má tá sé dodhéanta é sin a dhéanamh nó má tá iarracht dhíréireach ag baint leis.
Déanfaidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoi na faighteoirí sin má iarrann an t-ábhar sonraí go ndéanfar amhlaidh.