Caibidil III Roinn 3 Airteagal 19
Airteagal 19 · An oibleagáid fógra a thabhairt go ndearnadh sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó próiseáil a shrianadh
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Ní mór don rialaitheoir aon cheartú nó léirscriosadh sonraí pearsanta nó aon srianadh ar phróiseáil a dhéantar faoi Airteagal 16, Airteagal 17(1) agus Airteagal 18 a chur in iúl do gach faighteoir ar nochtadh na sonraí pearsanta dó, mura bhfuil sé sin dodhéanta nó mura mbaineann iarracht dhíréireach leis. Má iarrann an t-ábhar sonraí é, ní mór don rialaitheoir é nó í a chur ar an eolas faoi na faighteoirí sin.
Téacs Airteagal 19leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 19
An oibleagáid fógra a thabhairt go ndearnadh sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó próiseáil a shrianadh
Tabharfaidh an rialaitheoir fógra do gach faighteoir ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh má ceartaíodh nó má léirscriosadh nó má srianadh próiseáil a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 16, Airteagal 17(1) agus Airteagal 18, ach amháin má tá sé dodhéanta é sin a dhéanamh nó má tá iarracht dhíréireach ag baint leis. Déanfaidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoi na faighteoirí sin má iarrann an t-ábhar sonraí go ndéanfar amhlaidh.
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
sonraí pearsanta
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
ábhar sonraí
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
próiseáil
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
Article 4, point (2)
rialaitheoir
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;
Article 4, point (7)
faighteoir
ciallaíonn “faighteoir” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht, nó comhlacht eile, dá nochtar na sonraí pearsanta, bíodh siad ina dtríú páirtí nó ná bíodh. Maidir le húdaráis phoiblí a fhéadfaidh sonraí pearsanta a fháil faoi chuimsiú fiosrúchán ar leith i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, ní mheasfar gur faighteoirí iad; comhlíonfaidh an phróiseáil a dhéanfaidh na húdaráis phoiblí sin ar na sonraí sin na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí de réir na gcríoch atá leis an bpróiseáil;
Article 4, point (9)