Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil III Roinn 3 Airteagal 16

Airteagal 16 · An ceart go ndéanfaí ceartúcháin

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Cearta an ábhair sonraí

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Tá sé de cheart ag an ábhar sonraí go ndéanfaidh an rialaitheoir, gan moill mhíchuí, sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis nó léi a cheartú. Agus críocha na próiseála á gcur san áireamh, tá sé de cheart aige nó aici freisin go gcomhlánófar sonraí pearsanta neamhiomlána, lena n-áirítear trí ráiteas forlíontach a sholáthar.

Ceartú agus faighteoirí a chur ar an eolas Iarrann an t-ábhar sonraí ar an rialaitheoir ceartú a dhéanamh; cuireann an rialaitheoir ar aghaidh chuig na faighteoirí é. Airteagal 16: ceartaítear sonraí pearsanta míchruinne gan moill mhíchuí; comhlánaítear sonraí neamhiomlána, ag féachaint do chríocha na próiseála, lena n-áirítear trí ráiteas forlíontach. Airteagal 19: cuireann an rialaitheoir gach faighteoir ar nochtadh na sonraí dó ar an eolas faoi aon cheartú, léirscriosadh nó srianadh, mura cruthaítear go bhfuil sé sin dodhéanta nó go mbaineann iarracht dhíréireach leis, agus, má iarrann an t-ábhar sonraí é, insíonn sé don ábhar sonraí cé hiad na faighteoirí. ábhar sonraí Ceartú rialaitheoir faighteoirí Airt. 16 Airt. 19 sonraí míchruinne: ceartaithe gan moill mhíchuí sonraí neamhiomlána: comhlánaithe, ag féachaint do na críocha, lena n-áirítear trí ráiteas forlíontach cuireann gach faighteoir ar an eolas faoi cheartú, léirscriosadh nó srianadh ní do: dodhéanta nó iarracht dhíréireach má: iarrann ábhar sonraí ainmníonn na faighteoirí
Ní mór sonraí pearsanta míchruinne a cheartú agus sonraí neamhiomlána a chomhlánú, agus ní mór don rialaitheoir aon cheartú, léirscriosadh nó srianadh a chur in iúl do gach faighteoir mura bhfuil sé sin dodhéanta nó mura mbaineann iarracht dhíréireach leis. An gníomh i bpictiúir

Téacs Airteagal 16leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 16

An ceart go ndéanfaí ceartúcháin

Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go gceartóidh an rialaitheoir sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis nó léi gan aon mhoill mhíchuí. ►C2  Agus na críocha dá ndearnadh an phróiseáil á gcur san áireamh, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go ndéanfar sonraí pearsanta neamhiomlána a chomhlánú, lena n-áirítear de bhíthin ráiteas forlíontach a sholáthar. ◄

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 65 Ba cheart an ceart a bheith ag ábhar sonraí go ndéanfaí sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a cheartú…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • sonraí pearsanta

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • ábhar sonraí

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • próiseáil

    ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

    Article 4, point (2)

  • rialaitheoir

    ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

    Article 4, point (7)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…