Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil III Roinn 2 Airteagal 15

Airteagal 15 · Ceart rochtana don ábhar sonraí

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Cearta an ábhair sonraí

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Tá sé de cheart ag an ábhar sonraí deimhniú a fháil ón rialaitheoir i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi á bpróiseáil agus, más amhlaidh atá, rochtain ar na sonraí agus ar fhaisnéis, lena n-áirítear:

  • na críocha;
  • na faighteoirí;
  • an tréimhse stórála, más féidir;
  • aon fhaisnéis atá ar fáil faoin bhfoinse; agus
  • cinnteoireacht uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus (4), más ann di.

Ní mór don rialaitheoir cóip de na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil a sholáthar, agus féadfaidh sé táille réasúnach bunaithe ar chostais riaracháin a ghearradh as tuilleadh cóipeanna. Ní dhéanfaidh an ceart cóip a fháil difear díobhálach do chearta agus saoirsí daoine eile.

Ceart rochtana Tugann an rialaitheoir don ábhar sonraí, faoin gceart rochtana: deimhniú i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi á bpróiseáil; más ea, rochtain ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis liostaithe, ina measc na críocha, na faighteoirí, an tréimhse stórála más féidir, an fhoinse agus cinnteoireacht uathoibrithe; agus cóip de na sonraí. Féadfaidh an rialaitheoir táille réasúnach bunaithe ar chostais riaracháin a ghearradh ar chóipeanna breise. Ní fhéadfaidh an ceart chun cóip a fháil difear díobhálach a dhéanamh do chearta agus do shaoirsí daoine eile. ábhar sonraí rialaitheoir deimhniú an bhfuil nó nach bhfuil sonraí pearsanta á bpróiseáil más ea: rochtain ar na sonraí agus ar chríocha, faighteoirí, tréimhse stórála agus ar an bhfaisnéis eile liostaithe cóip de na sonraí cead táille réasúnach ar chóipeanna breise ní do: cóip a dhéanann dochar do chearta daoine eile

An gníomh i bpictiúir

Téacs Airteagal 15leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 15

Ceart rochtana don ábhar sonraí

1.  

Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí deimhniú a fháil ón rialaitheoir á rá an bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi á bpróiseáil nó nach bhfuil, agus, i gcás inarb amhlaidh an cás, rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta sin agus ar an bhfaisnéis seo a leanas:

(a) 

críocha na próiseála;

(b) 

catagóirí na sonraí pearsanta lena mbaineann;

(c) 

na faighteoirí nó na catagóirí faighteora a nochtadh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh, go háirithe faighteoirí i dtríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(d) 

i gcás inar féidir, an tréimhse a meastar go stórálfar na sonraí pearsanta lena linn, nó murar féidir é sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;

(e) 

is ann don cheart a iarraidh ar an rialaitheoir go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a shrianadh agus is ann don cheart agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil den sórt sin;

(f) 

an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta;

(g) 

i gcás nach mbailítear na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, aon fhaisnéis atá ar fáil maidir lena bhfoinse;

(h) 

is ann do chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú, dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus (4) agus, sna cásanna sin ar a laghad, d'fhaisnéis a bhaineann leis an loighic a bheidh i gceist, chomh maith le suntasacht na próiseála sin agus na hiarmhairtí a mheastar a bheadh aici ar an ábhar sonraí.

2.  
I gcás go n-aistrítear sonraí pearsanta go dtí tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí faisnéis a fháil maidir leis na coimircí iomchuí, de bhun Airteagal 46, a bhaineann leis an aistriú.
3.  
Cuirfidh an rialaitheoir cóip de na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil ar fáil. Le haghaidh tuilleadh cóipeanna a d'iarrfadh an t-ábhar sonraí, féadfaidh an rialaitheoir táille réasúnach a ghearradh bunaithe ar chostais riaracháin. ►C2  I gcás ina ndéanann an t-ábhar sonraí an iarraidh trí mheán leictreonach, agus mura n-iarrann an t-ábhar sonraí a mhalairt, cuirfear an fhaisnéis ar fáil i bhfoirm leictreonach a úsáidtear go coitianta. ◄
4.  
An ceart chun cóip a fháil dá dtagraítear i mír 3, ní dhéanfar dochar do chearta ná do shaoirsí daoine eile leis.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 63 Ba cheart é a bheith de cheart ag ábhar sonraí rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a bailíodh a bhaineann…
  • Aithris 64 Ba cheart don rialaitheoir gach beart réasúnta a dhéanamh le go bhfíorófar céannacht ábhair sonraí atá ag…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • sonraí pearsanta

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • ábhar sonraí

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • próiseáil

    ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

    Article 4, point (2)

  • próifíliú

    ciallaíonn “próifíliú” aon chineál próiseála uathoibrithe a dhéantar ar shonraí pearsanta arb éard í úsáid na sonraí sin chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe pearsanta áirithe a bhaineann le duine nádúrtha, go háirithe chun anailís a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le feidhmíocht an duine nádúrtha sin ag an obair, le staid eacnamaíoch, le sláinte, le roghanna pearsanta, le hábhair spéise, le hiontaofacht, le hiompar, le suíomh nó le gluaiseachtaí an duine nádúrtha sin nó chun na gnéithe sin a thuar;

    Article 4, point (4)

  • rialaitheoir

    ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

    Article 4, point (7)

  • faighteoir

    ciallaíonn “faighteoir” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht, nó comhlacht eile, dá nochtar na sonraí pearsanta, bíodh siad ina dtríú páirtí nó ná bíodh. Maidir le húdaráis phoiblí a fhéadfaidh sonraí pearsanta a fháil faoi chuimsiú fiosrúchán ar leith i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, ní mheasfar gur faighteoirí iad; comhlíonfaidh an phróiseáil a dhéanfaidh na húdaráis phoiblí sin ar na sonraí sin na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí de réir na gcríoch atá leis an bpróiseáil;

    Article 4, point (9)

  • údarás maoirseachta

    ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;

    Article 4, point (21)

  • eagraíocht idirnáisiúnta

    ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” eagraíocht agus a gcuid fochomhlachtaí a rialaítear leis an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn chomhaontaithe idir dhá thír nó níos mó.

    Article 4, point (26)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…