Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil III Roinn 2 Airteagal 13

Airteagal 13 · An fhaisnéis a bheidh le soláthar i gcás go mbailítear sonraí ón ábhar sonraí

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Trédhearcacht agus faisnéis, Cinntí uathoibrithe agus próifíliú

Go hachomairAchoimre ó Eureka

I gcás ina mbailítear sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, ní mór don rialaitheoir, tráth a gheofar iad, an fhaisnéis atá liostaithe i míreanna 1 agus 2 a sholáthar, lena n-áirítear:

  • a chéannacht agus a shonraí teagmhála;
  • críocha agus bunús dlí na próiseála;
  • aon fhaighteoirí agus aon aistrithe atá beartaithe chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta;
  • an tréimhse stórála;
  • cearta an ábhair sonraí; agus
  • cinnteoireacht uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus (4), más ann di.

Sula bpróiseálfaidh sé na sonraí tuilleadh chun críche eile, ní mór dó an chríoch sin a chur in iúl don ábhar sonraí.

Níl feidhm aige sin i gcás, agus a mhéid, a bhfuil an fhaisnéis ag an ábhar sonraí cheana.

Faisnéis le tabhairt Tugann an rialaitheoir don ábhar sonraí an fhaisnéis a liostaítear in Airteagail 13 agus 14. Ar chlé, Airteagal 13: i gcás ina mbailítear na sonraí ón ábhar sonraí, tráth a bhfaightear iad; ní bhaineann sé leis an gcás ina bhfuil an fhaisnéis ag an ábhar sonraí cheana, ná a mhéid atá sí aige. Ar dheis, Airteagal 14: i gcás nach bhfuarthas na sonraí ón ábhar sonraí, laistigh de thréimhse réasúnach agus laistigh de mhí amháin ar a dhéanaí, nó, i gcás ina n-úsáidtear na sonraí chun cumarsáid a dhéanamh leis an ábhar sonraí nó má tá nochtadh beartaithe, tráth na chéad chumarsáide nó an chéad nochta ar a dhéanaí; ní bhaineann sé le cás ina bhfuil an fhaisnéis ag an ábhar sonraí cheana, ina bhfuil sé dodhéanta í a sholáthar nó ina mbainfeadh iarracht dhíréireach leis, ina leagtar síos go sainráite le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit go bhfaighfear nó go nochtfar na sonraí, le bearta cosanta iomchuí, ná ina gceanglaítear rúndacht de bharr rúndachta gairmiúla. rialaitheoir ábhar sonraí an fhaisnéis liostaithe Airt. 13 Airt. 14 sonraí a bailíodh ón ábhar sonraí sonraí nach bhfuarthas ón ábhar sonraí ar iad a fháil laistigh de thréimhse réasúnach, mí amháin ar a dhéanaí nó ag an gcéad chumarsáid nó nochtadh, más ábhartha ní do: atá aige cheana ní do: tá sí aige cheana, dodhéanta nó iarracht dhíréireach, leagtha síos go sainráite le dlí le bearta cosanta, rúndacht ghairmiúil
Ní mór don rialaitheoir an fhaisnéis liostaithe a thabhairt nuair a fhaigheann sé na sonraí ón ábhar sonraí, agus laistigh de thréimhse réasúnach, laistigh de mhí amháin ar a dhéanaí, nuair a fhaigheann sé in áit eile iad, faoi réir eisceachtaí gach airteagail. An gníomh i bpictiúir

Téacs Airteagal 13leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 13

An fhaisnéis a bheidh le soláthar i gcás go mbailítear sonraí ón ábhar sonraí

▼C2

1.  

I gcás go mbailítear sonraí pearsanta a bhaineann le hábhar sonraí ón ábhar sonraí, tabharfaidh an rialaitheoir an fhaisnéis uile seo a leanas don ábhar sonraí tráth a gheofar na sonraí pearsanta:

▼B

(a) 

céannacht agus sonraí teagmhála an rialaitheora agus, i gcás inarb ábhartha, céannacht agus sonraí teagmhála ionadaí an rialaitheora;

▼C2

(b) 

sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí, i gcás inarb infheidhme;

▼B

(c) 

críocha na próiseála dá bhfuil na sonraí pearsanta beartaithe chomh maith leis an mbunús dlí don phróiseáil;

▼C1

(d) 

i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (f) d'Airteagal 6(1), na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag triú páirtí;

(e) 

i gcás inarb infheidhme, faighteoirí na sonraí pearsanta nó catagóirí fhaighteoirí na sonraí pearsanta, más ann dóibh;

(f) 

i gcás inarb infheidhme, go bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta agus cibé arb ann nó nach ann do chinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún, nó i gcás na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 46 nó in Airteagal 47, nó sa dara fomhír d'Airteagal 49(1), tagairt do na coimircí iomchuí nó oiriúnacha agus na bealaí inar féidir chun cóip díobh a fháil nó an áit inar cuireadh iad ar fáil.

▼C2

2.  

De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh an rialaitheoir don ábhar sonraí, tráth a gheofar sonraí pearsanta, an fhaisnéis bhreise seo a leanas is gá chun próiseáil chothrom thrédhearcach a áirithiú:

▼B

(a) 

tréimhse stórála na sonraí pearsanta, nó murarb indéanta sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;

(b) 

is ann don cheart rochtain ar shonraí pearsanta a bhaineann leis ábhar sonraí agus go ndéanfaí ceartú nó léirscriosadh na sonraí sin, a iarraidh ar an rialaitheoir, nó srianadh ar phróiseáil maidir leis an ábhar sonraí agus is ann don cheart agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála chomh maith leis an gceart chun iniomparthacht sonraí;

(c) 

i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (a) d'Airteagal 6(1) nó ar phointe (a) d'Airteagal 9(2), beidh sé de cheart an toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, gan difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht na próiseála atá bunaithe ar an toiliú sin a fháil roimh an tarraingt siar a dhéanamh;

(d) 

an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta;

(e) 

an ceanglas reachtach nó conarthach é an ceanglas sonraí pearsanta a sholáthar, nó an ceanglas é ar gá é le go ndéanfaí i gconradh, agus an bhfuil oibleagáid ar an ábhar sonraí na sonraí pearsanta sin a sholáthar mar aon leis na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ann i gcás nár soláthraíodh na sonraí sin; agus

(f) 

is ann do chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú, dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus (4) agus, sna cásanna sin ar a laghad, d'fhaisnéis fhónta faoin loighic a bheidh i gceist, chomh maith le suntasacht na próiseála sin agus na hiarmhairtí a mheastar a bheadh aici ar an ábhar sonraí.

3.  
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir na sonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh chun críche seachas an chríoch dar bailíodh na sonraí pearsanta, cuirfidh an rialaitheoir, sula ndéanfar an tuilleadh próiseála sin, faisnéis ar fáil don ábhar sonraí faoin gcríoch eile sin mar aon le haon fhaisnéis bhreise ábhartha dá dtagraítear i mír 2.
4.  
Ní bheidh feidhm ag mír 1, mír 2 ná mír 3 i gcás go bhfuil an fhaisnéis ag an ábhar sonraí cheana agus a mhéid go bhfuil.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 60 Ceanglaítear le prionsabal na próiseála cothroime agus le prionsabal na próiseála trédhearcaí an t-ábhar…
  • Aithris 61 Ba cheart an fhaisnéis i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a thabhairt dó…
  • Aithris 62 Ní gá, áfach, an oibleagáid a fhorchur faisnéis a chur ar fáil i gcás ina mbíonn an fhaisnéis ag an ábhar…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • sonraí pearsanta

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • ábhar sonraí

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • próiseáil

    ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

    Article 4, point (2)

  • srianadh ar phróiseáil

    ciallaíonn “srianadh ar phróiseáil” sonraí pearsanta stóráilte a mharcáil agus é d'aidhm leis sin teorainn a chur leis an bpróiseáil a dhéanfar orthu sa todhchaí;

    Article 4, point (3)

  • próifíliú

    ciallaíonn “próifíliú” aon chineál próiseála uathoibrithe a dhéantar ar shonraí pearsanta arb éard í úsáid na sonraí sin chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe pearsanta áirithe a bhaineann le duine nádúrtha, go háirithe chun anailís a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le feidhmíocht an duine nádúrtha sin ag an obair, le staid eacnamaíoch, le sláinte, le roghanna pearsanta, le hábhair spéise, le hiontaofacht, le hiompar, le suíomh nó le gluaiseachtaí an duine nádúrtha sin nó chun na gnéithe sin a thuar;

    Article 4, point (4)

  • rialaitheoir

    ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

    Article 4, point (7)

  • faighteoir

    ciallaíonn “faighteoir” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht, nó comhlacht eile, dá nochtar na sonraí pearsanta, bíodh siad ina dtríú páirtí nó ná bíodh. Maidir le húdaráis phoiblí a fhéadfaidh sonraí pearsanta a fháil faoi chuimsiú fiosrúchán ar leith i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, ní mheasfar gur faighteoirí iad; comhlíonfaidh an phróiseáil a dhéanfaidh na húdaráis phoiblí sin ar na sonraí sin na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí de réir na gcríoch atá leis an bpróiseáil;

    Article 4, point (9)

  • toiliú

    ciallaíonn “toiliú” an ábhair sonraí aon léiriú sonrach, feasach agus gan athbhrí a thugtar faoi shaoirse ar mhianta an ábhair sonraí trína gcuireann sé nó sí in iúl, trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, go n-aontaíonn sé nó sí le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi;

    Article 4, point (11)

  • ionadaí

    ciallaíonn “ionadaí” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a dhéanann ionadaíocht thar ceann an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir lena n-oibleagáidí faoi seach faoin Rialachán seo, agus atá ceaptha i scríbhinn ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí de bhun Airteagal 27;

    Article 4, point (17)

  • údarás maoirseachta

    ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;

    Article 4, point (21)

  • eagraíocht idirnáisiúnta

    ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” eagraíocht agus a gcuid fochomhlachtaí a rialaítear leis an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn chomhaontaithe idir dhá thír nó níos mó.

    Article 4, point (26)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…