Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil III Roinn 1 Airteagal 12

Airteagal 12 · Faisnéis thrédhearcach, cumarsáid agus módúlachtaí i dtaca le feidhmiú chearta an ábhair sonraí

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Trédhearcacht agus faisnéis, Cearta an ábhair sonraí, Leanaí

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Ní mór don rialaitheoir an fhaisnéis faoi Airteagail 13 agus 14 agus aon chumarsáid faoi Airteagail 15 go 22 agus 34 a sholáthar i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, i bhfriotal soiléir simplí, saor in aisce.

Ní mór dó an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoin ngníomhaíocht a rinneadh ar iarraidh faoi Airteagail 15 go 22 gan moill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de mhí amháin; féadfar an tréimhse sin a shíneadh dhá mhí eile más gá, ag féachaint do chastacht agus do líon na n-iarrataí.

Mura ngníomhaíonn sé, ní mór dó na cúiseanna a thabhairt laistigh de mhí amháin agus an fhéidearthacht gearán a dhéanamh agus leigheas breithiúnach a lorg a lua.

Is i gcás iarrataí atá go follasach gan bhunús nó iomarcach amháin, agus ní mór dó an méid sin a thaispeáint, is féidir leis táille réasúnach a ghearradh nó diúltú gníomhú.

Cearta an ábhair sonraí Ocht dtíl, ceann do gach ceart de chuid an ábhair sonraí i gCaibidil III, lena airteagal: faisnéis atá le soláthar ag an rialaitheoir (Airteagail 13 agus 14), rochtain (Airteagal 15), ceartú (Airteagal 16), léirscriosadh (Airteagal 17), srianadh ar phróiseáil (Airteagal 18), iniomparthacht sonraí (Airteagal 20), an ceart chun agóid a dhéanamh (Airteagal 21) agus an ceart gan a bheith faoi réir cinneadh atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin, lena n-áirítear próifíliú, a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige nó a dhéanann difear suntasach dá shamhail don ábhar sonraí (Airteagal 22). Tá feidhm ag gach ceart faoi réir choinníollacha agus eisceachtaí a airteagail. cearta an ábhair sonraí faisnéis Airt. 13, 14 rochtain Airt. 15 ceartú Airt. 16 léirscrios Airt. 17 srianadh ar phróiseáil Airt. 18 iniomparthacht sonraí Airt. 20 agóid Airt. 21 cinntí uathoibrithe amháin Airt. 22
Tá cearta ag an ábhar sonraí chun faisnéise, chun rochtana, chun ceartúcháin, chun léirscriosta, chun srianadh ar phróiseáil, chun iniomparthacht sonraí agus chun agóid a dhéanamh, agus an ceart gan a bheith faoi réir cinntí atá uathoibrithe amháin, gach ceann acu lena choinníollacha agus lena eisceachtaí féin. An gníomh i bpictiúir
Iarraidh a fhreagairt Seolann an t-ábhar sonraí iarraidh chuig an rialaitheoir; soláthraíonn an rialaitheoir faisnéis faoin ngníomhaíocht a rinneadh gan moill mhíchuí agus, ar aon chuma, laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil, saor in aisce. Más gá, ag féachaint do chastacht agus do líon na n-iarrataí, féadfaidh an rialaitheoir an tréimhse a fhadú dhá mhí eile, agus ní mór dó an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoin bhfadú agus faoi na cúiseanna laistigh de mhí amháin. Má tá iarraidh follasach gan bhunús nó iomarcach, féadfaidh an rialaitheoir táille réasúnach a ghearradh nó diúltú gníomhú; ní mór don rialaitheoir an cineál sin a léiriú. Mura ngníomhaíonn sé, ní mór dó a chúiseanna a thabhairt laistigh de mhí amháin agus gearán agus leigheas breithiúnach a lua. ábhar sonraí rialaitheoir iarraidh gníomh déanta laistigh de mhí saor in aisce má: gá, de bharr castachta agus líon cead dhá mhí eile má: follasach gan bhunús nó iomarcach cead táille réasúnach nó diúltú gníomhú ní mór don rialaitheoir é sin a léiriú

An gníomh i bpictiúir

Téacs Airteagal 12leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 12

Faisnéis thrédhearcach, cumarsáid agus módúlachtaí i dtaca le feidhmiú chearta an ábhair sonraí

1.  
Déanfaidh an rialaitheoir na bearta is iomchuí chun aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 agus aon chumarsáid faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22 agus faoi Airteagal 34 a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta, a sholáthar don ábhar sonraí i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, a mbaintear feidhm inti as teanga shoiléir agus as gnáthfhriotal, go háirithe maidir le haon fhaisnéis atá dírithe go sonrach ar leanbh. Is i scríbhinn a chuirfear an fhaisnéis ar fáil, nó trí mheán eile, lena n-áirithítear, i gcás inarb iomchuí i bhfoirm leictreonach. Nuair a iarrann an t-ábhar sonraí amhlaidh, féadfar an fhaisnéis a sholáthar ó bhéal, ar choinníoll gur deimhníodh céannacht an ábhair sonraí ar mhodh eile.
2.  
Éascóidh an rialaitheoir feidhmiú chearta an ábhair sonraí faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22. I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2), ní dhiúltóidh an rialaitheoir beart a dhéanamh ar iarraidh a fháil ón ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22, ach amháin má thaispeánann an rialaitheoir nach bhfuil sé in ann an t-ábhar sonraí a shainaithint.
3.  
Soláthróidh an rialaitheoir faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht a rinneadh i dtaca le hiarraidh faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22 don ábhar sonraí agus déanfaidh sé sin gan mhoill mhíchuí agus in aon chás laistigh d'aon mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh dhá mhí eile ar a mhéid nuair is gá, agus castacht agus líon na n-iarrataí á gcur san áireamh. Cuirfidh an rialaitheoir an ábhair sonraí ar an eolas faoi aon síneadh den sórt sin mar aon leis na cúiseanna a bhí leis an moill laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. I gcás ina ndéanann an t-ábhar sonraí an iarraidh i bhfoirm leictreonach, cuirfear an fhaisnéis ar fáil i bhfoirm leictreonach, i gcás inarb indéanta sin, mura rud é go n-iarrann an t-ábhar sonraí a mhalairt.
4.  
Mura ndéanann an rialaitheoir aon ghníomhaíocht arna hiarraidh sin don ábhar sonraí, cuirfidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí ar an eolas gan mhoill agus ar a dhéanaí laistigh d'aon mhí amháin ón iarraidh a fháil, faoi na cúiseanna nach ndearnadh aon gníomhaíocht agus cuirfidh sé ar an eolas é faoin bhféidearthacht gearán a thaisceadh le údarás maoirseachta agus leigheas breithiúnach a lorg.

▼C2

5.  

Cuirfear faisnéis a sholáthraítear faoi Airteagal 13 agus Airteagal 14 ar fáil saor in aisce mar aon le haon chumarsáid agus aon ghníomhaíochtaí a dhéanfar faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22 agus faoi Airteagal 34. I gcás inar follasach go bhfuil iarrataí ó ábhar sonraí gan bhunús nó go bhfuil siad iomarcach, go háirithe mar gheall ar a atarlaithí atá siad, féadfaidh an rialaitheoir ceann acu seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

táille réasúnach a ghearradh agus na costais riaracháin a bhaineann leis an bhfaisnéis nó an chumarsáid a iarradh a sholáthar, nó as an ngníomhaíocht a iarradh a dhéanamh, á gcur san áireamh; nó

(b) 

diúltú gníomhú ar an iarraidh.

▼B

Is faoin rialaitheoir a bheidh sé a thaispeáint go bhfuil an iarraidh go follasach gan bhunús nó go bhfuil sí iomarcach.

6.  
Gan dochar d'Airteagal 11, i gcás ina bhfuil an rialaitheoir réasúnta amhrasach maidir le céannacht an duine nádúrtha a dhéanann an iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 15 go dtí Airteagal 21, féadfaidh an rialaitheoir a iarraidh go soláthrófaí tuilleadh faisnéise, ar gá í chun go ndeimhneofaí céannacht an ábhair sonraí.
7.  
An fhaisnéis a chuirfear ar fáil do na hábhair sonraí de bhun Airteagal 13 agus Airteagal 14, féadfar í a sholáthar in éineacht le deilbhíní caighdeánaithe chun forléargas suntasach ar an bpróiseáil atá beartaithe a thabhairt ar bhealach atá sofheicthe, intuisceana agus inléite go soiléir. I gcás ina ndéantar na deilbhíní a chur i láthair go leictreonach, beidh siad inléite ag meaisín.
8.  
Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 92 chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le tíolacadh ag na deilbhíní agus na nósanna imeachta i ndáil le soláthar deilbhíní caighdeánaithe.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 58 Ceanglaítear le prionsabal na trédhearcachta gur cheart é a bheith éasca rochtain a fháil ar aon fhaisnéis…
  • Aithris 59 Ba cheart módúlachtaí a chur ar fáil le go n-éascófar an t-ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú…
  • Aithris 60 Ceanglaítear le prionsabal na próiseála cothroime agus le prionsabal na próiseála trédhearcaí an t-ábhar…
  • Aithris 64 Ba cheart don rialaitheoir gach beart réasúnta a dhéanamh le go bhfíorófar céannacht ábhair sonraí atá ag…
  • Aithris 166 Chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh, eadhon cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • sonraí pearsanta

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • ábhar sonraí

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • próiseáil

    ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

    Article 4, point (2)

  • rialaitheoir

    ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

    Article 4, point (7)

  • údarás maoirseachta

    ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;

    Article 4, point (21)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…