Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil III Roinn 3 Airteagal 17

Airteagal 17 · An ceart go ndéanfaí léirscriosadh (“an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad”)

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Toiliú, Cearta an ábhair sonraí

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Tá sé de cheart ag an ábhar sonraí go ndéanfar sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a léirscriosadh gan moill mhíchuí má tá feidhm le ceann de shé fhoras, lena n-áirítear:

  • nach bhfuil na sonraí riachtanach a thuilleadh chun a gcríoch;
  • go dtarraingítear siar an toiliú agus nach bhfuil aon fhoras dlíthiúil eile ann;
  • go ndéanann an t-ábhar sonraí agóid faoi Airteagal 21 (faoi Airteagal 21(1), ach amháin mura bhfuil aon fhorais dhlisteanacha sháraitheacha ann); nó
  • gur próiseáladh na sonraí go neamhdhleathach.

Rialaitheoir a chuir na sonraí ar fáil go poiblí agus a bhfuil sé d'oibleagáid air iad a léirscriosadh, ní mór dó bearta réasúnta a dhéanamh chun an iarraidh a chur in iúl do rialaitheoirí eile atá á bpróiseáil.

Níl feidhm aige sin a mhéid is gá an phróiseáil le haghaidh:

  • saoirse cainte agus faisnéise;
  • oibleagáid dhlíthiúil;
  • cúram ar mhaithe le leas an phobail nó údarás oifigiúil;
  • sláinte phoiblí;
  • críocha cartlannaithe, taighde nó staidrimh faoi na coinníollacha i mír 3(d); nó
  • éilimh dhlíthiúla.
An ceart go ndéanfaí léirscriosadh Má tá feidhm le ceann de shé fhoras, is féidir leis an ábhar sonraí léirscriosadh a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a fháil gan moill mhíchuí: (a) níl na sonraí riachtanach a thuilleadh chun na gcríoch; (b) tarraingítear siar an toiliú agus níl aon fhoras dlí eile ann; (c) agóid faoi Airteagal 21(1) gan forais dhlisteanacha sháraitheacha, nó agóid i gcoinne margaíocht dhíreach faoi Airteagal 21(2); (d) tá an phróiseáil neamhdhleathach; (e) ceanglaíonn oibleagáid dhlíthiúil faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit léirscriosadh; (f) bailíodh na sonraí i ndáil le seirbhísí na sochaí faisnéise a tairgeadh do leanbh faoi Airteagal 8(1). Ní bhaineann sé leis an méid is gá an phróiseáil le haghaidh saoirse cainte agus faisnéise, oibleagáid dhlíthiúil nó cúram ar mhaithe le leas an phobail nó údarás oifigiúil, sláinte phoiblí, cartlannú, taighde nó críocha staidrimh i gcás ina bhfágfadh léirscriosadh go mbeadh siad dodhéanta nó go ndéanfaí dochar tromchúiseach dóibh, nó éilimh dhlíthiúla. má: tá feidhm le ceann de na forais seo (a) níl gá leo a thuilleadh chun na gcríoch (b) toiliú aistarraingthe agus gan foras dlí eile (c) agóid (Airt. 21) gan forais sháraitheacha, nó margaíocht dhíreach (d) próiseáil neamhdhleathach (e) oibleagáid dhlíthiúil léirscriosadh faoi dhlí an Aontais nó Ballstáit (f) Airt. 8(1): seirbhísí na sochaí faisnéise do leanbh léirscrios gan moill mhíchuí ní do: próiseáil is gá do saoirse cainte agus faisnéise, oibleagáid dhlíthiúil nó cúram leasa phoiblí, sláinte phoiblí nó éilimh dhlíthiúla, cartlannú, taighde nó staidreamh, má dhéanfadh léirscriosadh dochar tromchúiseach dóibh
I gcás ina bhfuil feidhm le ceann de shé fhoras, tá sé de cheart ag an ábhar sonraí go ndéanfaí léirscriosadh gan moill mhíchuí, mura gá an phróiseáil chun ceann de na críocha a liostaítear in Airteagal 17(3). An gníomh i bpictiúir

Téacs Airteagal 17leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 17

An ceart go ndéanfaí léirscriosadh (“an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad”)

1.  

Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go léirscriosfaidh an rialaitheoir sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi gan mhoill mhíchuí agus beidh sé d'oibleagáid ar an rialaitheoir sonraí pearsanta a léirscriosadh gan mhoill mhíchuí i gcás go mbeidh feidhm ag ceann de na forais seo a leanas:

(a) 

níl na sonraí riachtanach a thuilleadh i ndáil leis na críocha ar chucu a bailíodh iad nó a próiseáladh iad;

(b) 

tarraingíonn an t-ábhar sonraí siar a thoiliú a bhfuil an phróiseáil bunaithe air i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 6(1) nó le pointe (a) d'Airteagal 9(2) agus i gcás nach bhfuil aon fhoras dlíthiúil eile leis an bpróiseáil;

(c) 

déanann an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne na próiseála de bhun Airteagal 21(1) agus ní ann d'fhorais dhlisteanacha sháraitheacha maidir leis an bpróiseáil, nó déanann an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne na próiseála de bhun Airteagal 21(2);

(d) 

rinneadh próiseáil mhídhleathach ar na sonraí pearsanta;

(e) 

is gá na sonraí pearsanta a léirscriosadh le go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir;

(f) 

bailíodh na sonraí pearsanta i ndáil le seirbhísí na sochaí faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a thairiscint.

2.  
I gcás inar chuir an rialaitheoir na sonraí pearsanta ar fáil don phobal agus ina bhfuil sé d'oibleagáid air de bhun mhír 1 na sonraí pearsanta a léirscriosadh, déanfaidh an rialaitheoir, agus an teicneolaíocht atá ar fáil agus costas an chur chun feidhme á gcur san áireamh, bearta réasúnta, lena n-áirítear bearta teicniúla, chun na rialaitheoirí a bhfuil próiseáil á déanamh acu a chur ar an eolas faoi go bhfuil sé iarrtha ag an ábhar sonraí go ndéanfadh rialaitheoirí den sórt sin aon nasc leis na sonraí pearsanta sin a léirscriosadh nó aon chóip nó aon mhacasamhlú de na sonraí pearsanta sin a léirscriosadh.
3.  

Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 a mhéid go bhfuil an phróiseáil sin riachtanach sna cásanna seo a leanas:

(a) 

chun an ceart ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a fheidhmiú;

(b) 

chun go gcomhlíonfar oibleagáid dhlíthiúil lena n-éilítear próiseáil le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir nó chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir;

(c) 

ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí i gcomhréir le pointe (h) agus le pointe (i) d'Airteagal 9(2) chomh maith le hAirteagal 9(3);

▼C2

(d) 

chun críoch cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críoch taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críoch staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 89(1) a mhéid is dócha go bhfágann an ceart dá dtagraítear i mír 1 go mbeadh sé dodhéanta cuspóirí na próiseála sin a bhaint amach nó go gcuirfí isteach go mór ar bhaint amach na gcuspóirí sin; nó

▼B

(e) 

chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 65 Ba cheart an ceart a bheith ag ábhar sonraí go ndéanfaí sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a cheartú…
  • Aithris 66 Chun neart a chur leis an gceart go ndéanfaí ligean i ndearmad sa timpeallacht ar líne, ba cheart an ceart go…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • sonraí pearsanta

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • ábhar sonraí

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • próiseáil

    ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

    Article 4, point (2)

  • rialaitheoir

    ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

    Article 4, point (7)

  • toiliú

    ciallaíonn “toiliú” an ábhair sonraí aon léiriú sonrach, feasach agus gan athbhrí a thugtar faoi shaoirse ar mhianta an ábhair sonraí trína gcuireann sé nó sí in iúl, trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, go n-aontaíonn sé nó sí le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi;

    Article 4, point (11)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…