Caibidil III Roinn 3 Airteagal 18
Airteagal 18 · An ceart go gcuirfí srian le próiseáil
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Cuid de: Cearta an ábhair sonraí
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Tá sé de cheart ag an ábhar sonraí go gcuirfear srian le próiseáil:
- fad atá an rialaitheoir ag fíorú cruinneas atá faoi chonspóid;
- i gcás ina bhfuil an phróiseáil neamhdhleathach agus go n-iarrann sé nó sí srianadh in ionad léirscriosadh;
- i gcás nach bhfuil na sonraí ag teastáil a thuilleadh ón rialaitheoir ach go dteastaíonn siad ón ábhar sonraí le haghaidh éileamh dlíthiúil; nó
- fad atá agóid faoi Airteagal 21(1) á fíorú.
Seachas iad a stóráil, ní fhéadfar sonraí srianta a phróiseáil ansin ach amháin:
- le toiliú an ábhair sonraí;
- le haghaidh éileamh dlíthiúil;
- chun cearta duine nádúrtha nó dlítheanaigh eile a chosaint; nó
- ar chúiseanna a bhaineann le leas tábhachtach poiblí de chuid an Aontais nó Ballstáit.
Ní mór an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas sula n-ardaítear an srian.
Téacs Airteagal 18leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 18
An ceart go gcuirfí srian le próiseáil
Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go gcuirfidh an rialaitheoir srian le próiseáil i gcásanna ina bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:
cuireann an t-ábhar sonraí i gcoinne chruinneas na sonraí pearsanta ar feadh tréimhse le go bhféadfaidh an rialaitheoir cruinneas na sonraí pearsanta a fhíorú;
i gcás ina bhfuil an phróiseáil neamhdhleathach agus ina gcuireann an t-ábhar sonraí i gcoinne léirscriosadh na sonraí pearsanta agus ina n-iarrann sé go gcuirfear srian lena n-úsáid in áit iad a scriosadh;
níl na sonraí de dhíth ar an rialaitheoir a thuilleadh chun críocha na próiseála, ach tá siad de dhíth ar an ábhar sonraí chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint; nó
tá curtha i gcoinne próiseála ag an ábhar sonraí de bhun Airteagal 21(1) go dtí go bhfíorófar an mbeidh sáraíocht ag forais dhlisteanacha an rialaitheora ar fhorais dhlisteanacha an ábhair sonraí.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 67 I modhanna chun srian a chur leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta, d'fhéadfaí a áireamh, inter…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
sonraí pearsanta
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
ábhar sonraí
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
próiseáil
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
Article 4, point (2)
srianadh ar phróiseáil
ciallaíonn “srianadh ar phróiseáil” sonraí pearsanta stóráilte a mharcáil agus é d'aidhm leis sin teorainn a chur leis an bpróiseáil a dhéanfar orthu sa todhchaí;
Article 4, point (3)
rialaitheoir
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;
Article 4, point (7)
toiliú
ciallaíonn “toiliú” an ábhair sonraí aon léiriú sonrach, feasach agus gan athbhrí a thugtar faoi shaoirse ar mhianta an ábhair sonraí trína gcuireann sé nó sí in iúl, trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, go n-aontaíonn sé nó sí le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi;
Article 4, point (11)