Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil III Roinn 3 Airteagal 20

Airteagal 20 · An ceart chun iniomparthacht sonraí

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Cearta an ábhair sonraí

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Tá sé de cheart ag an ábhar sonraí na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi agus a sholáthair sé nó sí do rialaitheoir a fháil i bhformáid struchtúrtha a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín, agus iad a tharchur chuig rialaitheoir eile gan bhac, i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar thoiliú nó ar chonradh agus go ndéantar í trí mhodhanna uathoibrithe.

I gcás inar féidir é go teicniúil, féadfar na sonraí a tharchur go díreach ó rialaitheoir amháin go rialaitheoir eile.

Níl feidhm ag an gceart maidir le próiseáil is gá le haghaidh cúram a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil, is gan dochar d'Airteagal 17 é agus ní dhéanfaidh sé difear díobhálach do chearta agus saoirsí daoine eile.

Iniomparthacht sonraí Má tá an phróiseáil bunaithe ar thoiliú nó ar chonradh agus má dhéantar í trí mhodhanna uathoibrithe, is féidir leis an ábhar sonraí na sonraí pearsanta a sholáthair sé nó sí do rialaitheoir a fháil i bhformáid struchtúrtha atá in úsáid go coitianta agus atá inléite ag meaisín agus iad a tharchur chuig rialaitheoir eile gan bhac, nó iad a bheith tarchurtha go díreach ó rialaitheoir amháin chuig rialaitheoir eile i gcás inar féidir sin go teicniúil. Ní bhaineann sé le próiseáil is gá chun cúram a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil, ná le cás ina ndéanann sé difear díobhálach do chearta agus do shaoirsí daoine eile. má: toiliú nó conradh, agus modhanna uathoibrithe Sonraí pearsanta ábhar sonraí rialaitheoir an dara rialaitheoir sonraí a sholáthair an t-ábhar sonraí gan bhac go díreach, más féidir go teicniúil struchtúrtha, coitianta, inléite ag meaisín ní do: cúram ar mhaithe le leas an phobail nó údarás oifigiúil; ná má dhéanann sé dochar do chearta daoine eile

An gníomh i bpictiúir

Téacs Airteagal 20leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 20

An ceart chun iniomparthacht sonraí

1.  

Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a fháil, ar sonraí iad a chuir sé nó sí ar fáil do rialaitheoir, agus an méid sin i bhformáid atá struchtúrtha agus a úsáidtear go coiteann agus atá inléite ag meaisín agus ba cheart a cheadú don ábhar sonraí é a tharchur chuig rialaitheoir eile gan bhacainn ón rialaitheoir ar tugadh na sonraí pearsanta dó, i gcás:

(a) 

ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar thoiliú de bhun phointe (a) d'Airteagal 6(1) nó ar phointe (a) d'Airteagal 9(2) nó ar chonradh de bhun phointe (b) d'Airteagal 6(1); agus

(b) 

go ndéantar an phróiseáil trí mhodhanna uathoibrithe.

2.  
Agus an ceart chun iniomparthacht sonraí de bhun mhír 1 á fheidhmiú aige nó aici, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí a chur faoi deara go dtarchuirfear na sonraí pearsanta go díreach ó rialaitheoir amháin go rialaitheoir eile i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil.
3.  
Is gan dochar d'Airteagal 17 a bheidh feidhmiú an chirt sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Ní bheidh feidhm ag an gceart sin maidir leis an bpróiseáil sin a bheidh riachtanach chun cúram a chur i gcrích a dhéanfar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir.
4.  
Ní dhéanfaidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 dochar do chearta ná do shaoirsí daoine eile.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 68 Ionas go gcuirfear neart tuilleadh leis an smacht a bhíonn ag ábhar sonraí ar a chuid nó a cuid sonraí féin…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • sonraí pearsanta

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • ábhar sonraí

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • próiseáil

    ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

    Article 4, point (2)

  • rialaitheoir

    ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

    Article 4, point (7)

  • toiliú

    ciallaíonn “toiliú” an ábhair sonraí aon léiriú sonrach, feasach agus gan athbhrí a thugtar faoi shaoirse ar mhianta an ábhair sonraí trína gcuireann sé nó sí in iúl, trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, go n-aontaíonn sé nó sí le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi;

    Article 4, point (11)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…