Aithris 110
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 110mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(110) |
Ba cheart do ghrúpa gnóthas, nó do ghrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu a bheith in ann úsáid a bhaint as rialacha ceangailteacha corparáideacha formheasta dá aistrithe idirnáisiúnta ón Aontas go heagraíochtaí sa ghrúpa céanna gnóthas, nó i ngrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, ar choinníoll go n-áirítear i rialacha corparáideacha den sórt sin na prionsabail bhunriachtanacha uile agus na cearta in-fhorfheidhmithe uile chun coimircí iomchuí a áirithiú d'aistrithe nó do chatagóirí aistrithe sonraí pearsanta. |