Caibidil V Airteagal 47
Airteagal 47 · Rialacha ceangailteacha corparáideacha
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Ní mór don údarás inniúil maoirseachta rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas, i gcomhréir leis an sásra comhsheasmhachta in Airteagal 63, ar choinníoll:
- go bhfuil siad ceangailteach ó thaobh dlí agus go bhfuil feidhm acu maidir le gach comhalta lena mbaineann den ghrúpa gnóthas, nó den ghrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, lena n-áirítear a bhfostaithe, agus go ndéanann na comhaltaí sin iad a fhorfheidhmiú;
- go dtugann siad cearta in-fhorfheidhmithe go sainráite d'ábhair sonraí; agus
- go gcomhlíonann siad mír 2.
Liostaítear i mír 2 an méid ar a laghad nach mór a shonrú sna rialacha, lena n-áirítear:
- na haistrithe a chumhdaítear;
- cearta na n-ábhar sonraí; agus
- go nglacann rialaitheoir nó próiseálaí atá bunaithe i mBallstát le dliteanas as sáruithe ag comhaltaí nach bhfuil bunaithe san Aontas.
Téacs Airteagal 47leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 47
Rialacha ceangailteacha corparáideacha
Formheasfaidh an t-údarás inniúil maoirseachta rialacha ceangailteacha corparáideacha i gcomhréir leis an sásra comhsheasmhachta a leagtar amach in Airteagal 63, ar choinníoll:
go mbeidh siad ceangailteach ó thaobh dlí agus go mbeidh feidhm acu maidir le gach comhalta lena mbaineann i ngrúpa gnóthas, nó i ngrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, lena n-áirítear a gcuid fostaithe,agus go ndéanfaidh gach comhalta iad a fhorfheidhmiú;
go dtabharfaidh siad cearta in-fhorfheidhmithe go sainráite d'ábhar sonraí maidir lena sonraí pearsanta a phróiseáil; agus
go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais atá leagtha síos i mír 2.
Leis na rialacha ceangailteacha corparáideacha dá dtagraítear i mír 1, sonrófar ar a laghad:
struchtúr agus sonraí teagmhála an ghrúpa gnóthas, nó an ghrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu agus struchtúr agus sonraí teagmhála gach comhalta den ghrúpa sin;
na haistrithe sonraí nó na sraith d'aistrithe sonraí, lena n-áirítear na catagóirí sonraí pearsanta, an cineál próiseála agus críocha na próiseála sin, an cineál ábhair sonraí lena mbainfidh agus ainm nó ainmneacha an tríú tír nó na dtríú tíortha;
iad a bheith de chineál ceangailteach ó thaobh dlí, go hinmheánach agus go seachtrach;
cur i bhfeidhm na bprionsabal ginearálta maidir le cosaint sonraí, go háirithe teorannú de réir cuspóra, íoslaghdú sonraí, tréimhsí teoranta stórála, cáilíocht sonraí, cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú, an bunús dlí atá leis an próiseáil, próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta, bearta chun slándáil sonraí a áirithiú agus na ceanglais maidir le sonraí a aistriú ar aghaidh chuig comhlachtaí nach bhfuil faoi cheangal na rialacha ceangailteacha corparáideacha;
cearta na n-ábhar sonraí maidir le próiseáil agus na modhanna chun na cearta sin a fheidhmiú, lena n-áirítear an ceart gan a bheith faoi réir cinntí atá bunaithe ar phróifíliú, lena n-áirítear próifíliú i gcomhréir le hAirteagal 22, an ceart gearán a thaisceadh leis an údarás inniúil maoirseachta agus le cúirteanna inniúla na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 79, agus an ceart chun sásaimh, agus, nuair is iomchuí, an ceart chun cúiteamh a fháil de bharr sárú ar na rialacha ceangailteacha corparáideacha;
go nglacann an rialaitheoir nó an próiseálaí atá bunaithe ar chríoch Bhallstáit le dliteanas i gcás ina sáraíonn aon chomhalta lena mbaineann nach bhfuil bunaithe san Aontas na rialacha ceangailteacha corparáideacha; ní bheidh an rialaitheoir nó an próiseálaí díolmhaithe ón dliteanas sin, go páirteach nó go hiomlán, ach amháin má chruthaíonn sé nach bhfuil sé ar dhóigh ar bith freagrach as an imeacht ba shiocair leis an damáiste;
an bealach a gcuirtear an fhaisnéis faoi na rialacha ceangailteacha corparáideacha, agus faoi na forálacha dá dtagraítear i bpointí (d), (e) agus (f) den mhír seo go háirithe, ar fáil do na hábhair sonraí chomh maith le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 14;
cúraimí aon oifigigh cosanta sonraí a cheaptar i gcomhréir le hAirteagal 37, nó aon duine nó aon eintitis eile atá i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha ceangailteacha corparáideacha laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, chomh maith le faireachán ar oiliúint agus ar an dóigh a ndéileáiltear le gearáin;
na nósanna imeachta um ghearáin;
na sásraí laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu lena n-áirithítear go bhfíoraítear comhlíonadh na rialacha ceangailteacha corparáideacha. Áireofar ar na sásraí sin iniúchtaí ar chosaint sonraí agus modhanna lena n-áirithítear gníomhaíochtaí ceartaitheacha chun cearta an ábhair sonraí a chosaint. ►C2 Ba cheart torthaí an fhíoraithe sin a chur in iúl don duine nó don eintiteas dá dtagraítear i bpointe (h) agus do bhord an ghnóthais rialaithe de ghrúpa gnóthas, nó den ghrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, agus ba cheart iad a bheith ar fáil arna iarraidh sin don údarás inniúil maoirseachta ◄ ;
na sásraí chun athruithe ar na rialacha a thaifeadadh agus a thuairisciú agus chun tuairisc a thabhairt don údarás maoirseachta faoi na hathruithe sin;
an sásra don chomhar leis an údarás maoirseachta chun comhlíonadh a áirithiú i gcás gach comhalta den ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, go háirithe trí thorthaí na bhfíoruithe ar na bearta dá dtagraítear i bpointe (j) den mhír seo a chur ar fáil don údarás maoirseachta;
na sásraí chun aon cheanglais dlí a bhfuil comhalta den ghrúpa gnóthas nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu faoina réir i dtríú tír a thuairisciú don údarás inniúil maoirseachta, ar dóchúil go mbeadh éifeacht shuntasach dhíobhálach aige ar na ráthaíochtaí dá bhforáiltear leis na rialacha ceangailteacha corparáideacha; agus
an oiliúint iomchuí i ndáil le cosaint sonraí do phearsanra a bhfuil rochtain bhuan nó rialta acu ar shonraí pearsanta.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 110 Ba cheart do ghrúpa gnóthas, nó do ghrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
sonraí pearsanta
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
ábhar sonraí
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
próiseáil
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
Article 4, point (2)
próifíliú
ciallaíonn “próifíliú” aon chineál próiseála uathoibrithe a dhéantar ar shonraí pearsanta arb éard í úsáid na sonraí sin chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe pearsanta áirithe a bhaineann le duine nádúrtha, go háirithe chun anailís a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le feidhmíocht an duine nádúrtha sin ag an obair, le staid eacnamaíoch, le sláinte, le roghanna pearsanta, le hábhair spéise, le hiontaofacht, le hiompar, le suíomh nó le gluaiseachtaí an duine nádúrtha sin nó chun na gnéithe sin a thuar;
Article 4, point (4)
rialaitheoir
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;
Article 4, point (7)
próiseálaí
ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;
Article 4, point (8)
fiontar
ciallaíonn “fiontar” duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, is cuma faoi fhoirm dhlíthiúil na gníomhaíochta sin, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí nó comhlachais a bhíonn ag gabháil go rialta do ghníomhaíocht eacnamaíoch;
Article 4, point (18)
grúpa gnóthas
ciallaíonn “grúpa gnóthas” gnóthas rialaitheach agus a ghnóthais atá faoi rialú;
Article 4, point (19)
rialacha ceangailteacha corparáideacha
ciallaíonn “rialacha ceangailteacha corparáideacha” beartais um chosaint sonraí pearsanta a gcloíonn rialaitheoir nó próiseálaí atá bunaithe ar chríoch Ballstáit leo, ar beartais iad le haghaidh aistrithe sonraí pearsanta nó sraith d'aistrithe sonraí pearsanta chuig rialaitheoir nó chuig próiseálaí i dtríú tír amháin nó níos mó laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu;
Article 4, point (20)
údarás maoirseachta
ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;
Article 4, point (21)