Caibidil V Airteagal 48
Airteagal 48 · Aistrithe nó nochtadh sonraí nach bhfuil údaraithe le dlí an Aontais
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Cuid de: Aistrithe chuig tríú tíortha
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Aon bhreithiúnas ó chúirt nó ó bhinse, nó aon chinneadh ó údarás riaracháin, de chuid tríú tíre a cheanglaíonn ar rialaitheoir nó ar phróiseálaí sonraí pearsanta a aistriú nó a nochtadh, ní féidir é a aithint ná a fhorfheidhmiú ar aon bhealach ach amháin má tá sé bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, amhail conradh um chúnamh dlíthiúil frithpháirteach, atá i bhfeidhm idir an tríú tír iarrthach agus an tAontas nó Ballstát.
Is gan dochar d'fhorais eile aistrithe faoi Chaibidil V é sin.
Téacs Airteagal 48leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 48
Aistrithe nó nochtadh sonraí nach bhfuil údaraithe le dlí an Aontais
Aon bhreithiúnas cúirte nó binse agus aon chinneadh ó údarás riaracháin tríú tíre a cheanglaíonn ar rialaitheoir nó ar phróiseálaí sonraí pearsanta a aistriú nó a nochtadh, ní aithneofar iad ná ní bheidh siad in-fhorfheidhmithe ar aon bhealach ach amháin má tá siad bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, amhail conradh i ndáil le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, atá i bhfeidhm idir an tríú tír iarrthach agus an tAontas nó Ballstát, gan dochar d'aon fhorais eile a bheadh ann le haghaidh aistrithe de bhun na Caibidle seo.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 115 Glacann roinnt tríú tíortha dlíthe, rialacháin agus gníomhartha dlí eile a cheaptar le gníomhaíochtaí…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
sonraí pearsanta
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
rialaitheoir
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;
Article 4, point (7)
próiseálaí
ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;
Article 4, point (8)