Caibidil V Airteagal 49
Airteagal 49 · Maoluithe i gcásanna sonracha
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Cuid de: Aistrithe chuig tríú tíortha
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Mura bhfuil cinneadh leordhóthanachta ná coimircí iomchuí faoi Airteagal 46 ann, ní fhéadfar aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta a dhéanamh ach amháin ar cheann de na coinníollacha i mír 1, pointí (a) go (g), amhail toiliú sainráite an ábhair sonraí tar éis é nó í a chur ar an eolas faoi na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann, nó riachtanas le haghaidh conarthaí áirithe nó ar chúiseanna tábhachtacha a bhaineann le leas an phobail.
Ina n-éagmais sin, ní féidir aistriú a dhéanamh ach amháin:
- mura bhfuil sé athchleachtach;
- mura mbaineann sé ach le líon teoranta ábhar sonraí;
- más gá é chun críocha leasanna dlisteanacha láidre an rialaitheora nach sáraíonn leasanna nó cearta agus saoirsí an ábhair sonraí iad; agus
- má rinne an rialaitheoir measúnú ar na himthosca uile agus má sholáthair sé coimircí oiriúnacha.
Ní mór don rialaitheoir an t-údarás maoirseachta agus an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas.
Níl feidhm ag pointí (a) go (c) ná ag an bhforas deireanach sin maidir le gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis phoiblí i bhfeidhmiú a gcumhachtaí poiblí.
Téacs Airteagal 49leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 49
Maoluithe i gcásanna sonracha
In éagmais cinneadh leordhóthanachta de bhun Airteagal 45(3), nó in éagmais coimircí iomchuí de bhun Airteagal 46, lena n-áirítear rialacha ceangailteacha corparáideacha, ní dhéanfar aistriú sonraí pearsanta ná sraith d'aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tír ná chuig eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin ar cheann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
gur thoiligh an t-ábhar sonraí go follasach leis an aistriú atá beartaithe, tar éis é a bheith curtha ar an eolas go bhféadfaidh rioscaí bheith ag baint le haistrithe den sórt sin don ábhar sonraí in éagmais cinneadh leordhóthanachta agus in éagmais coimircí iomchuí;
gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun conradh idir an t-ábhar sonraí agus an rialaitheoir a chomhlíonadh nó chun bearta réamhchonarthacha a chur chun feidhme arna iarraidh sin don ábhar sonraí;
gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun conradh, arna dhéanamh chun leasa an ábhair sonraí, idir an rialaitheoir agus duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thabhairt i gcrích nó a chomhlíonadh;
gur gá an t-aistriú a dhéanamh ar fhorais thábhachtacha leasa phoiblí;
gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint;
gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó daoine eile a chosaint, i gcás nach féidir leis an ábhar sonraí toiliú a thabhairt go fisiciúil nó go dlíthiúil; nó
go ndéantar an t-aistriú ó chlár arna cheapadh, de réir dhlí an Aontais nó dlí Ballstáit, chun faisnéis a chur ar fáil don phobal, ar clár é a fhéadfaidh an pobal i gcoitinne a cheadú nó a fhéadfaidh aon duine a thaispeánann leas dlisteanach a cheadú, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha maidir le comhairliúchán atá leagtha síos le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit comhlíonta sa chás áirithe.
I gcás nach bhféadfaí aistriú a bhunú ar fhoráil in Airteagal 45 nó 46, lena n-áirítear na forálacha maidir le rialacha ceangailteacha corparáideacha, agus nach bhfuil aon cheann de na maoluithe do chás sonrach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo infheidhme, ní fhéadfar aistriú chuig tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta a dhéanamh ach amháin sa chás nach aistriú atarlaitheach é, nach mbaineann sé ach le líon teoranta ábhar sonraí, gur gá é chun críocha leasanna dlisteanacha tathantacha atá á saothrú ag an rialaitheoir agus nach bhfuil sáraíocht ag leasanna, cearta nó saoirsí an ábhair sonraí orthu, agus go bhfuil measúnú déanta ag an rialaitheoir ar na himthosca ar fad a bhaineann leis an aistriú sonraí agus, ar bhonn an mheasúnaithe sin, go bhfuil coimircí oiriúnacha soláthraithe aige i ndáil le cosaint sonraí pearsanta Maidir le pointe (h) den chéad fhomhír, cuirfidh an rialaitheoir an t-údarás maoirseachta ar an eolas faoin aistriú. Chomh maith leis an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 agus Airteagal 14, cuirfidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí ar an eolas maidir leis an aistriú agus maidir leis na leasanna dlisteanacha tathantacha atá á saothrú
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 111 Ba cheart foráil a dhéanamh go bhféadfaí sonraí a aistriú i gcúinsí áirithe i gcás ina bhfuil toiliú…
- Aithris 112 Ba cheart feidhm a bheith ag na maoluithe sin, go háirithe maidir le haistrithe sonraí a bhfuil gá leo agus…
- Aithris 113 Maidir le haistrithe is féidir a cháiliú mar aistrithe neamhatriallacha agus nach mbaineann ach le líon…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
sonraí pearsanta
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
ábhar sonraí
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
rialaitheoir
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;
Article 4, point (7)
próiseálaí
ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;
Article 4, point (8)
faighteoir
ciallaíonn “faighteoir” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht, nó comhlacht eile, dá nochtar na sonraí pearsanta, bíodh siad ina dtríú páirtí nó ná bíodh. Maidir le húdaráis phoiblí a fhéadfaidh sonraí pearsanta a fháil faoi chuimsiú fiosrúchán ar leith i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, ní mheasfar gur faighteoirí iad; comhlíonfaidh an phróiseáil a dhéanfaidh na húdaráis phoiblí sin ar na sonraí sin na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí de réir na gcríoch atá leis an bpróiseáil;
Article 4, point (9)
toiliú
ciallaíonn “toiliú” an ábhair sonraí aon léiriú sonrach, feasach agus gan athbhrí a thugtar faoi shaoirse ar mhianta an ábhair sonraí trína gcuireann sé nó sí in iúl, trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, go n-aontaíonn sé nó sí le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi;
Article 4, point (11)
rialacha ceangailteacha corparáideacha
ciallaíonn “rialacha ceangailteacha corparáideacha” beartais um chosaint sonraí pearsanta a gcloíonn rialaitheoir nó próiseálaí atá bunaithe ar chríoch Ballstáit leo, ar beartais iad le haghaidh aistrithe sonraí pearsanta nó sraith d'aistrithe sonraí pearsanta chuig rialaitheoir nó chuig próiseálaí i dtríú tír amháin nó níos mó laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu;
Article 4, point (20)
údarás maoirseachta
ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;
Article 4, point (21)
eagraíocht idirnáisiúnta
ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” eagraíocht agus a gcuid fochomhlachtaí a rialaítear leis an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn chomhaontaithe idir dhá thír nó níos mó.
Article 4, point (26)