Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil V Airteagal 50

Airteagal 50 · Comhar idirnáisiúnta chun sonraí pearsana a chosaint

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Maidir le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, ní mór don Choimisiún agus do na húdaráis mhaoirseachta bearta iomchuí a dhéanamh chun sásraí comhair idirnáisiúnta a fhorbairt d'fhorfheidhmiú reachtaíocht um chosaint sonraí pearsanta agus chun cúnamh frithpháirteach idirnáisiúnta a sholáthar san fhorfheidhmiú sin, faoi réir coimircí iomchuí.

Ní mór dóibh freisin páirtithe leasmhara ábhartha a rannpháirtiú agus malartú agus doiciméadú reachtaíocht agus cleachtas cosanta sonraí a chur chun cinn, lena n-áirítear maidir le coinbhleachtaí dlínse le tríú tíortha.

Téacs Airteagal 50leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 50

Comhar idirnáisiúnta chun sonraí pearsana a chosaint

Maidir le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, déanfaidh an Coimisiún agus údaráis mhaoirseachta bearta iomchuí:

(a)

chun sásraí comhair idirnáisiúnta a fhorbairt chun forfheidhmiú éifeachtach reachtaíochta i ndáil le cosaint sonraí pearsana a éascú;

(b)

chun cúnamh frithpháirteach idirnáisiúnta a sholáthar i bhforfheidhmiú reachtaíochta chun sonraí pearsanta a chosaint, lena n-áirítear trí fhógra a thabhairt, trí ghearáin a chur ar aghaidh, trí chúnamh imscrúdaitheach agus malartú faisnéise, faoi réir coimircí iomchuí chun sonraí pearsanta agus cearta agus saoirsí bunúsacha eile a chosaint;

(c)

chun geallsealbhóirí ábhartha a chur i mbun díospóireachta agus i mbun gníomhaíochtaí atá dírithe ar chomhar idirnáisiúnta a chur chun cinn i bhforfheidhmiú reachtaíochta chun sonraí pearsana a chosaint;

(d)

chun malartú agus doiciméadú reachtaíochta agus cleachtais um chosaint sonraí pearsanta a chur chun cinn, lena n-áirítear maidir le heasaontachtaí breithiúnacha le tríú tíortha.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

• Aithris 116 Nuair a aistrítear sonraí pearsanta thar theorainneacha lasmuigh den Aontas, d'fhéadfaí daoine nádúrtha a…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

• sonraí pearsanta

(1)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”);  is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

Article 4, point (1)

• údarás maoirseachta

(21)

ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;

Article 4, point (21)

• eagraíocht idirnáisiúnta

(26)

ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” eagraíocht agus a gcuid fochomhlachtaí a rialaítear leis an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn chomhaontaithe idir dhá thír nó níos mó.

Article 4, point (26)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…