Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil VI Roinn 1 Airteagal 51

Airteagal 51 · An t-údarás maoirseachta

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Údaráis mhaoirseachta, comhar agus an Bord

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Ní mór do gach Ballstát foráil a dhéanamh d'údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó, an “údarás maoirseachta”, a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin, chun cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas a éascú.

Ní mór do gach údarás rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin, i gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta eile agus leis an gCoimisiún faoi Chaibidil VII.

Ní mór do Bhallstát a bhfuil níos mó ná údarás maoirseachta amháin aige an t-údarás a dhéanann ionadaíocht thar a gceann sa Bhord a ainmniú.

Téacs Airteagal 51leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 51

An t-údarás maoirseachta

1.  
Déanfaidh gach Ballstát foráil go mbeidh údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú san Aontas (“údarás maoirseachta”).
2.  
Cuirfidh gach údarás maoirseachta le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais. Chun na críche sin, beidh comhar idir na húdaráis mhaoirseachta féin agus idir iad féin agus an Coimisiún i gcomhréir le Caibidil VII.
3.  
I gcás ina bhfuil níos mó ná údarás maoirseachta amháin bunaithe i mBallstát, ainmneoidh an Ballstát sin an t-údarás maoirseachta atá chun ionadaíocht ar na húdaráis sin ar an mBord agus leagfaidh sé an sásra amach lena n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh na húdaráis eile na rialacha a bhaineann leis an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63.
4.  
Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha dá dhlí a ghlacfaidh siad de bhun na Caibidle seo, faoin 25 Bealtaine 2018, agus tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 117 Cuid fhíor-riachtanach de chosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta is ea údaráis…
  • Aithris 119 I gcás ina mbunaíonn Ballstát roinnt údarás maoirseachta, ba cheart dó sásraí a bhunú le dlí chun…
  • Aithris 123 Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha de bhun an…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • sonraí pearsanta

    ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    Article 4, point (1)

  • próiseáil

    ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

    Article 4, point (2)

  • údarás maoirseachta

    ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;

    Article 4, point (21)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…