Aithris 119
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 119mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(119) |
I gcás ina mbunaíonn Ballstát roinnt údarás maoirseachta, ba cheart dó sásraí a bhunú le dlí chun rannpháirtíocht éifeachtach na n-údarás maoirseachta sin a áirithiú sa sásra comhsheasmhachta. Ba cheart don Bhallstát sin, go háirithe, an t-údarás maoirseachta a cheapadh a bheidh ina phríomhphointe teagmhála maidir le rannpháirtíocht éifeachtach na n-údarás sin sa sásra, chun comhar sciobtha rianúil a áirithiú le húdaráis mhaoirseachta eile, leis an mBord agus leis an gCoimisiún. |