Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil VI Roinn 1 Airteagal 52

Airteagal 52 · Neamhspleáchas

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Údaráis mhaoirseachta, comhar agus an Bord

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Ní mór do gach údarás maoirseachta gníomhú go hiomlán neamhspleách agus a chúraimí á gcomhlíonadh agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige.

Ní mór dá chomhaltaí fanacht saor ó thionchar seachtrach, díreach nó indíreach, gan treoracha a iarraidh ná a ghlacadh ó aon duine, agus gan gabháil d'aon slí bheatha nach luíonn lena ndualgais le linn a dtéarma oifige.

Ní mór do na Ballstáit an méid seo a leanas a thabhairt do gach údarás maoirseachta:

  • na hacmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, na háitribh agus an bonneagar is gá dó;
  • a fhoireann féin faoi stiúradh eisiach a chomhaltaí; agus
  • buiséid bhliantúla phoiblí ar leith, le rialú airgeadais nach ndéanann difear dá neamhspleáchas.
Údaráis mhaoirseachta neamhspleácha Gníomhaíonn gach údarás maoirseachta go hiomlán neamhspleách. Fanann a chomhaltaí saor ó thionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, agus ní lorgaíonn siad ná ní ghlacann siad treoracha ó aon duine. Áirithíonn gach Ballstát go bhfuil ag gach údarás na hacmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, an t-áitreabh agus an bonneagar is gá dó; a fhoireann féin faoi stiúradh eisiach a chomhaltaí; buiséid bhliantúla phoiblí ar leith; agus rialú airgeadais nach ndéanann difear dá neamhspleáchas. Ceaptar a chomhaltaí trí nós imeachta trédhearcach; ní ghabhann siad d'aon slí bheatha neamhréireach le linn a dtéarma oifige; agus ní fhéadfar comhalta a bhriseadh as oifig ach amháin i gcás mí-iompar tromchúiseach nó mura gcomhlíonann an comhalta a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a dhualgais a chomhlíonadh. treoracha tionchar seachtrach Toirmiscthe Toirmiscthe údarás maoirseachta go hiomlán neamhspleách áirithíonn gach Ballstát: acmhainní, áitreabh, bonneagar a fhoireann féin buiséid bhliantúla phoiblí ar leith rialú airgeadais a chaomhnaíonn neamhspleáchas a chomhaltaí: ceaptha trí nós imeachta trédhearcach Toirmiscthe gan slí bheatha neamhréireach le linn an téarma briste ach amháin as mí-iompar tromchúiseach nó mura gcomhlíontar na coinníollacha a thuilleadh
Gníomhaíonn gach údarás maoirseachta go hiomlán neamhspleách: ní ghlacann a chomhaltaí treoracha ó aon duine, agus ní mór do gach Ballstát na hacmhainní, an fhoireann agus na buiséid is gá a thabhairt dó. An gníomh i bpictiúir

Téacs Airteagal 52leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 52

Neamhspleáchas

1.  
Agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, gníomhóidh gach údarás maoirseachta ar shlí a bheidh go hiomlán neamhspleách.
2.  
Comhalta nó comhaltaí de gach údarás maoirseachta, beidh siad saor i gcónaí ó thionchar seachtrach, idir thionchar díreach agus indíreach, nuair a bheidh na cúraimí atá orthu á gcomhlíonadh acu agus nuair a bheidh na cumhachtaí atá acu á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus ní iarrfaidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon duine.

▼C2

3.  
Staonfaidh comhalta nó comhaltaí gach údaráis maoirseachta ó aon ghníomh nach luíonn lena ndualgais agus ní ghabhfaidh siad d'aon slí bheatha nach luíonn leis na dualgais sin le linn a dtéarma oifige, bíodh sí sochrach nó neamhshochrach.

▼B

4.  
Áiritheoidh gach Ballstát go gcuirfear acmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, an t-áitreabh agus an bonneagar atá de dhíth ar an údarás maoirseachta ar fáil do gach údarás acu chun a chúraimí a chomhlíonadh agus a chumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear na cúraimí agus na cumhachtaí sin nach mór a chur i gcrích i gcomhthéacs an chúnaimh fhrithpháirtigh agus an chomhair agus i gcomhthéacs rannpháirtíochta ar an mBord.

▼C2

5.  
Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh a fhoireann féin ag gach údarás maoirseachta, arna roghnú aige féin, ar foireann í a bheidh faoi réir stiúradh eisiach ag comhalta nó comhaltaí an údaráis maoirseachta lena mbaineann.

▼B

6.  
Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh gach údarás maoirseachta faoi réir rialú airgeadais nach ndéanann difear dá neamhspleáchas agus áiritheoidh siad go bhfuil buiséad poiblí bliantúil ar leith ag gach údarás maoirseachta, buiséad a fhéadfaidh a bheith mar chuid de bhuiséad foriomlán an stáit nó den bhuiséad foriomlán náisiúnta.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 117 Cuid fhíor-riachtanach de chosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta is ea údaráis…
  • Aithris 118 Níor cheart a thabhairt le tuiscint, toisc údaráis mhaoirseachta a bheith neamhspleách, nach féidir iad a…
  • Aithris 120 Ba cheart na hacmhainní airgeadais agus na hacmhainní daonna, an t-áitreabh agus an bonneagar atá riachtanach…
  • Aithris 121 Ba cheart na coinníollacha ginearálta do chomhalta nó do chomhaltaí an údaráis mhaoirseachta a leagan síos le…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • údarás maoirseachta

    ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;

    Article 4, point (21)

  • údarás maoirseachta lena mbaineann

    ciallaíonn “údarás maoirseachta lena mbaineann” údarás maoirseachta a mbaineann próiseáil sonraí pearsanta leis mar gurb amhlaidh:

    • (a) go bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe ar chríoch Bhallstát an údaráis maoirseachta sin;
    • (b) go bhfuil éifeacht shubstainteach nó gur dóchúil go mbeidh éifeacht shubstainteach ag an bpróiseáil ar ábhair sonraí atá ina gcónaí i mBallstát an údaráis maoirseachta sin; nó
    • (c) go ndearnadh gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta sin;

    Article 4, point (22)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…