Údaráis mhaoirseachta neamhspleácha
Cá háit a ndeir an téacs é
- Airteagal 51(1)
Déanfaidh gach Ballstát foráil go mbeidh údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo
- Airteagal 52(1)
Agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, gníomhóidh gach údarás maoirseachta ar shlí a bheidh go hiomlán neamhspleách.
- Airteagal 52(2)
remain free from external influence, whether direct or indirect, and shall neither seek nor take instructions from anybody
Foclaíocht an Bhéarla
- Airteagal 52(3)
Staonfaidh comhalta nó comhaltaí gach údaráis maoirseachta ó aon ghníomh nach luíonn lena ndualgais agus ní ghabhfaidh siad d'aon slí bheatha nach luíonn leis na dualgais sin le linn a dtéarma oifige, bíodh sí sochrach nó neamhshochrach.
- Airteagal 52(4)
Áiritheoidh gach Ballstát go gcuirfear acmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, an t-áitreabh agus an bonneagar atá de dhíth ar an údarás maoirseachta ar fáil do gach údarás acu chun a chúraimí a chomhlíonadh agus a chumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach
- Airteagal 52(5)
Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh a fhoireann féin ag gach údarás maoirseachta, arna roghnú aige féin, ar foireann í a bheidh faoi réir stiúradh eisiach ag comhalta nó comhaltaí an údaráis maoirseachta lena mbaineann.
- Airteagal 52(6)
Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh gach údarás maoirseachta faoi réir rialú airgeadais nach ndéanann difear dá neamhspleáchas agus áiritheoidh siad go bhfuil buiséad poiblí bliantúil ar leith ag gach údarás maoirseachta, buiséad a fhéadfaidh a bheith mar chuid de bhuiséad foriomlán an stáit nó den bhuiséad foriomlán náisiúnta.
- Airteagal 53(1)
Déanfaidh na Ballstáit foráil go bhfuil gach comhalta dá n-údaráis maoirseachta le ceapadh trí nós imeachta trédhearcach agus gur ceann díobh seo a leanas a cheapfaidh é: — a bparlaimint; — a rialtas; — a gceann Stáit; nó — comhlacht neamhspleách ar a gcuirtear de chúram an ceapachán a dhéanamh faoi dhlí Ballstáit
- Airteagal 53(2)
Beidh na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna is gá, go háirithe i réimse na cosanta sonraí pearsanta, ag gach comhalta d'fhonn na dualgais atá air a chomhlíonadh agus d'fhonn na cumhachtaí atá aige a fheidhmiú.
- Airteagal 53(4)
Ní dhéanfar comhalta a chur as oifig ach amháin i gcásanna mí-iompair thromchúisigh nó mura gcomhlíonann an comhalta a thuilleadh na coinníollacha atá riachtanach do chomhlíonadh na ndualgas.
- Airteagal 54(1)
Forálfaidh gach Ballstát le dlí do gach ceann den mhéid seo a leanas
- Airteagal 54(1)(a)
bunú gach údaráis maoirseachta
- Airteagal 54(1)(c)
na rialacha agus na nósanna imeachta chun comhalta nó comhaltaí gach údaráis maoirseachta a cheapadh
- Airteagal 54(1)(d)
fad an téarma do chomhalta nó comhaltaí gach údaráis maoirseachta, téarma nach lú ná ceithre bliana, seachas i gcás an chéad cheapacháin tar éis an 24 Bealtaine 2016, ar féidir tréimhse níos giorra a bheith i gceist le cuid de sa chás inar gá sin chun neamhspleáchas an údaráis maoirseachta a chosaint trí nós imeachta ceapacháin a bheidh agaithe
- Airteagal 54(2)
Beidh comhalta nó comhaltaí agus foireann gach údaráis maoirseachta, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, faoi réir dualgas rúndachta gairmiúla, le linn agus i ndiaidh a dtéarma oifige