Aithris 132
Mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016. Gach leagan
Téacs Aithris 132mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an 4 Bealtaine 2016
|
(132) |
Sna gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis mhaoirseachta chun feasacht a ardú i measc an phobail, ba cheart bearta sonracha a áireamh atá dírithe ar rialaitheoirí agus próiseálaithe, lena n-áirítear micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, mar aon le daoine nádúrtha go háirithe i gcomhthéacs an oideachais. |