Caibidil VI Cuid 2 Airteagal 57
Airteagal 57 · Cúraimí
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Cuid de: Leanaí, Údaráis mhaoirseachta, comhar agus an Bord
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Gan dochar do chúraimí eile faoin Rialachán, ní mór do gach údarás maoirseachta na cúraimí atá liostaithe in Airteagal 57(1) a chomhlíonadh ar a chríoch, lena n-áirítear:
- faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin agus é a fhorfheidhmiú;
- feasacht an phobail a chur chun cinn;
- gearáin a láimhseáil;
- imscrúduithe a dhéanamh;
- rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas; agus
- aon chúraimí eile a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh.
Comhlíontar a chúraimí saor in aisce don ábhar sonraí agus, i gcás inarb infheidhme, don oifigeach cosanta sonraí.
I gcás iarrataí atá go follasach gan bhunús nó iomarcach, féadfaidh sé táille réasúnach bunaithe ar chostais riaracháin a ghearradh nó diúltú gníomhú, agus ní mór dó an méid sin a thaispeáint.
Téacs Airteagal 57leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 57
Cúraimí
Gan dochar do chúraimí eile a leagtar amach faoin Rialachán seo, déanfaidh gach údarás maoirseoireachta an méid seo a leanas ina chríoch féin:
déanfaidh sé faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh sé é a fhorfheidhmiú;
déanfaidh sé feasacht agus tuiscint i measc an phobail a chur chun cinn maidir leis na rioscaí, leis na rialacha, leis na coimircí agus leis na cearta a bhaineann le próiseáil. Tabharfar aird ar leith ar ghníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le leanaí;
cuirfidh sé comhairle, i gcomhréir le dlí Ballstáit, ar an bparlaimint náisiúnta, ar an rialtas, agus ar institiúidí agus ar chomhlachtaí eile maidir le bearta reachtacha agus riaracháin a bhaineann le cearta agus le saoirsí daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil;
déanfaidh sé feasacht maidir lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo i measc rialaitheoirí agus próiseálaithe a chur chun cinn;
arna iarraidh sin air, soláthróidh sé faisnéis d'aon ábhar sonraí maidir lena gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo agus, más iomchuí, comhoibreoidh sé leis na húdaráis mhaoirseachta i mBallstáit eile chun na críche sin;
láimhseálfaidh sé gearáin arna dtaisceadh ag ábhar sonraí, nó ag comhlacht, eagraíocht nó comhlachas i gcomhréir le hAirteagal 80, agus déanfaidh sé imscrúdú, a mhéid is iomchuí, ar ábhar an ghearáin agus cuirfidh sé an gearánaí ar an eolas maidir leis an dul chun cinn agus maidir le toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú a dhéanamh le húdarás maoirseachta eile;
oibreoidh sé i gcomhar le húdaráis mhaoirseachta eile agus roinnfidh sé faisnéis leo agus cuirfidh sé cúnamh frithpháirteach ar fáil dóibh, d'fhonn a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar bhonn comhsheasmhach;
déanfaidh sé imscrúduithe ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear ar bhonn faisnéis a fuarthas ó údarás maoirseachta eile nó ó údarás poiblí eile;
déanfaidh sé faireachán ar fhorbairtí ábhartha, sa mhéid go bhfuil tionchar acu ar chosaint sonraí pearsanta, go háirithe forbairtí i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide agus i gcleachtais tráchtála;
glacfaidh sé na clásail chonarthacha chaighdeánacha dá dtagraítear in Airteagal 28(8) agus i bpointe (d) d'Airteagal 46(2);
bunóidh sé agus coimeádfaidh sé ar bun liosta i ndáil leis an gceanglas le haghaidh measúnú tionchair a dhéanamh ar chosaint sonraí de bhun Airteagal 35(4);
tabharfaidh sé comhairle maidir leis na hoibríochtaí próiseála dá dtagraítear in Airteagal 36(2);
spreagfaidh sé cóid iompair a tharraingt suas de bhun Airteagal 40(1) agus tabharfaidh sé tuairim fúthu agus formheasfaidh sé na cóid iompair sin a bhfuil coimircí leordhóthanacha ag gabháil leo, de bhun Airteagal 40(5);
spreagfaidh sé bunú sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí, agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí freisin, agus formheasfaidh sé na critéir deimhniúcháin de bhun Airteagal 42 (5);
i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sé athbhreithniú tréimhsiúil ar dheimhniúcháin a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 42(7);
dréachtóidh agus foilseoidh sé na ceanglais i ndáil le comhlacht a chreidiúnú chun faireachán a dhéanamh ar chóid iompair de bhun Airteagal 41 agus i ndáil le comhlacht deimhniúcháin a chreidiúnú de bhun Airteagal 43;
seolfaidh sé creidiúnú do chomhlacht chun faireachán a dhéanamh ar chóid iompair de bhun Airteagal 41 agus creidiúnú do chomhlacht deimhniúcháin de bhun Airteagal 43;
údaróidh sé na clásail chonarthacha agus na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 463;
déanfaidh sé rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas de bhun Airteagal 47;
rannchuideoidh sé le gníomhaíochtaí an Bhoird;
coimeádfaidh sé taifid inmheánacha ar sháruithe ar an Rialachán seo agus ar na bearta arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 58(2); agus
comhlíonfaidh sé aon chúraimí eile a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 122 Ba cheart do gach údarás maoirseachta a bheith inniúil ar chríoch a Bhallstáit féin chun na cumhachtaí a…
- Aithris 129 D'fhonn faireachán agus forfheidhmiú comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart…
- Aithris 132 Sna gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis mhaoirseachta chun feasacht a ardú i measc an phobail, ba cheart bearta…
- Aithris 141 Ba cheart an ceart a bheith ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta aonair, go…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
sonraí pearsanta
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
ábhar sonraí
ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
Article 4, point (1)
próiseáil
ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
Article 4, point (2)
rialaitheoir
ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;
Article 4, point (7)
próiseálaí
ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;
Article 4, point (8)
rialacha ceangailteacha corparáideacha
ciallaíonn “rialacha ceangailteacha corparáideacha” beartais um chosaint sonraí pearsanta a gcloíonn rialaitheoir nó próiseálaí atá bunaithe ar chríoch Ballstáit leo, ar beartais iad le haghaidh aistrithe sonraí pearsanta nó sraith d'aistrithe sonraí pearsanta chuig rialaitheoir nó chuig próiseálaí i dtríú tír amháin nó níos mó laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu;
Article 4, point (20)
údarás maoirseachta
ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;
Article 4, point (21)