Téigh chuig an ábhar
Eureka An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
GA teanga

Caibidil VI Cuid 2 Airteagal 55

Airteagal 55 · Inniúlacht

Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader

Oscail sa Reader

Cuid de: Údaráis mhaoirseachta, comhar agus an Bord

Go hachomairAchoimre ó Eureka

Tá gach údarás maoirseachta inniúil chun a chúraimí a chomhlíonadh agus a chumhachtaí faoin Rialachán a fheidhmiú ar chríoch a Bhallstáit féin.

I gcás ina ndéanann údaráis phoiblí nó comhlachtaí príobháideacha próiseáil ag gníomhú dóibh ar bhonn Airteagal 6(1)(c) nó (e), is é údarás maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann atá inniúil, agus níl feidhm ag Airteagal 56 maidir leis an bpríomhúdarás maoirseachta.

Níl údaráis mhaoirseachta inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála cúirteanna atá ag gníomhú faoina gcumas breithiúnach.

Téacs Airteagal 55leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016

Airteagal 55

Inniúlacht

1.  
Beidh gach údarás maoirseachta inniúil chun na cúraimí a sannadh dó a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a tugadh dó a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo ar chríoch a Bhallstáit féin.
2.  
I gcás inarb iad údaráis phoiblí nó comhlachtaí príobháideacha a bheidh ag gníomhú ar bhonn phointe (c) nó phointe (e) d'Airteagal 6(1) a dhéanfaidh an phróiseáil, is é údarás maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann a bheidh inniúil. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 56.
3.  
Ní bheidh údaráis mhaoirseachta inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála cúirteanna atá ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach.

Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo

  • Aithris 20 Cé go bhfuil feidhm ag an Rialachán seo, inter alia, maidir le gníomhaíochtaí cúirteanna agus údarás…
  • Aithris 122 Ba cheart do gach údarás maoirseachta a bheith inniúil ar chríoch a Bhallstáit féin chun na cumhachtaí a…
  • Aithris 128 Níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir leis an bpríomhúdarás maoirseachta ná ag an sásra maidir le…

Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo

  • próiseáil

    ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

    Article 4, point (2)

  • údarás maoirseachta

    ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;

    Article 4, point (21)

Tuilleadh i Reader Eureka

Tá Eureka ag cur nasc agus sainmhínithe leis…