Caibidil VI Roinn 1 Airteagal 54
Airteagal 54 · Rialacha maidir leis an údarás maoirseachta a bhunú
Leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016: an téacs agus a cheartúcháin curtha isteach. Gach leagan · An téacs bunaidh sa Reader
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Ní mór do gach Ballstát foráil a dhéanamh le dlí do bhunú gach údaráis maoirseachta agus do na rialacha maidir lena chomhaltaí:
- cáilíochtaí agus incháilitheacht;
- ceapachán;
- téarma nach lú ná ceithre bliana;
- athcheapachán; agus
- na hoibleagáidí agus na gníomhartha, na slite beatha agus na sochair nach luíonn leo, le linn an téarma agus ina dhiaidh.
Féadfaidh cuid den chéad cheapachán tar éis an 24 Bealtaine 2016 a bheith ar feadh tréimhse níos giorra i gcás inar gá sin chun an neamhspleáchas a chosaint trí nós imeachta ceapacháin céimnithe.
Tá comhaltaí agus an fhoireann faoi réir dualgas rúndachta gairmiúla, le linn a dtéarma oifige agus ina dhiaidh, maidir le faisnéis rúnda a tháinig ar a n-aird le linn a gcúraimí.
Téacs Airteagal 54leagan comhdhlúite an 4 Bealtaine 2016
Airteagal 54
Rialacha maidir leis an údarás maoirseachta a bhunú
Forálfaidh gach Ballstát le dlí do gach ceann den mhéid seo a leanas:
bunú gach údaráis maoirseachta;
cáilíochtaí agus coinníollacha incháilitheachta atá riachtanach le bheith ceaptha mar chomhalta de gach údarás maoirseachta;
na rialacha agus na nósanna imeachta chun comhalta nó comhaltaí gach údaráis maoirseachta a cheapadh;
fad an téarma do chomhalta nó comhaltaí gach údaráis maoirseachta, téarma nach lú ná ceithre bliana, seachas i gcás an chéad cheapacháin tar éis an 24 Bealtaine 2016, ar féidir tréimhse níos giorra a bheith i gceist le cuid de sa chás inar gá sin chun neamhspleáchas an údaráis maoirseachta a chosaint trí nós imeachta ceapacháin a bheidh agaithe;
cé acu atá nó nach bhfuil comhalta nó comhaltaí gach údaráis maoirseachta incháilithe lena n-athcheapadh agus, i gcás ina bhfuil, líon na dtéarmaí athcheapacháin; agus
na coinníollacha lena rialaítear oibleagáidí comhalta nó comhaltaí agus foireann gach údaráis maoirseachta, toirmisc ar ghníomhaíochtaí, agus gairmeacha beatha agus sochair nach bhfuil ag luí leis na hoibleagáidí sin le linn an téarma oifige agus ina dhiaidh agus rialacha lena rialaítear scor fostaíochta.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 121 Ba cheart na coinníollacha ginearálta do chomhalta nó do chomhaltaí an údaráis mhaoirseachta a leagan síos le…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
údarás maoirseachta
ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;
Article 4, point (21)